Skip to content

Is Cuimhin liom … I Remember

Tarlú stairiúil is ea an phaindéim seo agus an t-ordú dianghlasála a ghabhann leis, a bheidh mar chuid de scéal ár saolta sa todhchaí.  Sin ráite, tá daoine breacaosta tar éis maireachtaint tríd go leor tarlúintí suntasacha, cuid acu a d’athraigh cúrsaí an tsaoil dóibh féin agus don tsochaí trí chéile. Ba bhreá linn dá mbeadh daoine breacaosta sásta an taithí úd atá acu a roinnt linn mar chuid de cheiliúradh Fhéile na Bealtaine i bPort Láirge.

De gnáth, glacann Port Láirge páirt i bhféile na Bealtaine, a d’eagraíonn na heagraíochta Aostacht agus Deiseanna gach bliain. Faraoir, ní féidir linn daoine a thabhairt le chéile i gcomhair imeachtaí mar is gnách i mbliana agus sinn i lár na paindéime seo. Sin ráite, is féidir linn ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine breacaosta agus iarraimid orthu anois a bheith páirteach linn sa cheiliúradh seo. Cé go bhfuil go leor daoine ag cocúnú, is féidir leo a gcuid taithí agus cuimhní saoil a roinnt lena bpobal áitiúil mar mheabhrú do dhaoine go dtiocfaidh deireadh leis an ngéarchéim seo chomh maith. Tá buncharraig nirt agus teacht aniar sa taithí atá ag na daoine níos sine gur féidir linne foghlaim uaidh, agus mar a deir an seanfhocal, ‘Ní Neart go Cur le Chéile.’

Táimid ag iarraidh ar dhaoine breacaosta a gcuimhí cinn maidir le rudaí suntasacha a tharla le linn a saol a roinnt linn – conas mar a chuaigh na himeachtaí i bhfeidhm orthu agus conas mar a dheileáil siad leo – d’fhéadfadh gur mór-tharlúintí stairiúla a bheadh ann, nó athruithe níos lú a tharla sa saol áitiúil thart thimpeall orthu.  Mar shampla, an cuimhin leat?……

  • Ar choimeádadh tú féin nó baill dod’ theaghlach ar leithlis de bharr na heitinne a bheith ort/orthu
  • A bheith curtha as de bharr póilió, an fhiabhras dearg, nó briseadh amach ghalar de shaghas éigint eile
  • Bheith in ann teacht ar leabhar a raibh cosc air
  • Ciondáil peitril agus/nó stailceanna iompair phoiblí
  • Nuair a bhuaigh an Dr. Ernest Walton, a rugadh i nDún na Mainistreach, an Duais Nobel sa mbliain 1951
  • Nuair a chuaigh cara nó ball dod’ chlann ar imirce
  • Aimsir na hÉigeandála agus ciondáil le linn an Dara Chogadh Domhanda agus conas mar a chuaigh sé i bhfeidhm ort féin agus do chlann

Ba bhreá linn a fháil amach mar gheall ar na tarlúintí suntasacha a bhí i do shaol.

Is féidir leat do thaithí a roinnt leis an bpobal i roinnt slite éagsúla. Tuigimid go bhfuil sé deacair rudaí a chur sa phost, nó teacht ar theicneolaíocht, ach a bhuíochas leis an tSeirbhís iontach ‘Call to Chat’ de chuid Chomhairle na nDaoine Breacaosta, Port Láirge (Waterford Older People’s Council), atá á reachtáil i gcomhar le Seirbhís Leabharlanna Cathrach agus Contae Phort Láirge, ní gá duit ach an guthán a phiocadh suas agus labhairt le duine.

Seo a leanas na slite inar féidir leat do Scéal a Roinnt:

  • Glaoigh ar 1761 10 20 20 agus lorg ‘Call to Chat’ (Is féidir do scéal a thabhairt i nGaeilge nó i mBéarla)
  • Cuir tuairisc i scríbhinn dod’ scéal chuig Halla na Cathrach, An Meal, Port Láirge nó chuig na hOifigí Cathartha, Cé Dáibhéid, Dún Garbhán. Scríobh “Is Cuimhin Liom/I Remember” ar an gclúdach litreach.
  • R-phost a sheoladh chuig archivist@waterfordcouncil.ie 
  • Roinn ar Twitter nó Facebook leis na clibeanna #TogetherWaterfordIsStronger,  @WaterfordCounci nó @WaterfordLibs ar Twitter agus Waterford Council nó Waterford City and County Libraries ar Facebook

Déanann Bealtaine ceiliúradh ar chruthaitheacht i measc daoine níos sine, mar sin is féidir leat do chuimhní a roinnt i bhfocail, nó trí ghrianghraf a roinnt, nó tríd do shaothar féin a chruthú. Ba bhreá linn do chuimhní a bhailiú agus iad a roinnt le pobal Phort Láirge i gcoitinne le linn mí na Bealtaine, ionas gur féidir linn foghlaim ó do thaithí agus teacht le chéile chun do neart agus do theacht aniar a cheiliúradh. Ní neart go cur le chéile agus is féidir leatsa do pháirt a imirt chun an neart seo a mhéadú.

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x