Skip to content

Scoláireachtaí Gaeltachta – Gaeltacht Scholarships 2025

Scholarships 2025

Is féidir iarratas a chur isteach anois do Scoláireachtaí Gaeltachta Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge do Shamhraidh 2025. Is féidir an fhoirm iarratais a fháil ag https://bit.ly/Scoláireachtaí-Gaeltachta-2025.

Applications are now invited for Waterford City & County Council’s Gaeltacht Scholarships for Summer 2025. You can access the application form at https://bit.ly/Scoláireachtaí-Gaeltachta-2025.

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise with Waterford City & County Council

Seachtain na Gaeilge is being celebrated in Waterford again this year, with many events taking place throughout City and County. The Irish Office of Waterford City & County Council is collaborating with several different groups to provide a range of events and activities to celebrate the Irish language and culture of the Déise and here is a flavour of some of what will be on offer.

Ceiliúradh Cultúir — an intercultural event will take place in St Patrick’s Gateway Centre in Waterford City on Saturday, 15th March from 2-4pm, when Irish speakers (and those with ‘cúpla focal’) and members of some of Waterford’s newer communities will have the opportunity to come together to share a taste of their respective cultures. Members of the Waterford City branch of Comhaltas Ceoltóirí Éireann will provide some traditional music, and there will be opportunities to learn some Irish songs and sean-nós dancing steps, all while using and learning “cúpla focal Gaeilge.” Refreshments will be provided, and all are welcome to attend this special event. So, if you would like to use your cúpla focal in a multi-cultural setting, call in to St Patrick’s Gateway Centre on Patrick Street on Saturday the 15th March any time between 2pm and 4pm. This event is being organised as part of Waterford’s St Patrick’s Day Festival.

Come along and join Donnchadh Ó Ceallacháin for a Bilingual Guided Tour of The Wake Museum, Cathedral Square on Wednesday 5th MarchTours will begin at 11 am and 1.15pm and all are welcome to come along to hear fascinating stories of life and death in Waterford, detailing traditions and superstitions, from early Christian times right up to the 20th century. Fáilte roimh chách.

Lá na gCiorcal – Ciorcail na nDéise
Waterford’s growing number of Ciorcail Chomhrá (Irish conversation groups) will have an opportunity to come together for a ‘cupán tae agus caifé’ and a chat on Wednesday, 12th March in the Coach House Coffee in Kilmacthomas. Members of Ciorcail Chomhrá from Dungarvan, Stradbally, Tramore and Waterford City will all get together to celebrate Seachtain na Gaeilge. If you are interested in joining a Ciorcal Comhrá and not sure how to do so, you can contact your local Library or the Irish Officer at gaeilge@waterfordcouncil.ie for details of a Ciorcal Comhrá near you!

Bilingual Table Quiz – this year’s Bilingual Table Quiz organised by the Irish Office of Waterford City & County Council will take place in the Cove Bar on the Dunmore Road, Waterford City on Thursday, 13th March at 8.00pm and is open to the public. It’s a fun night which gives people a chance to use their ‘cúpla focal’ in a friendly, relaxed atmosphere and there will be plenty of spot prizes, music, and craic on the night. You can register in advance by contacting jlenane@waterfordcouncil.ie.

DÚN GARBHÁN LE GAEILGE
Dún Garbhán le Gaeilge is organising a number of events and activities around the Gaeltacht Service Town of Dungarvan during Seachtain na Gaeilge, including special screenings of Irish language films in Movies@Dungarvan for local schools, a Pop-Up Gaeltacht in Alice O’Connor’s Lounge Bar, Abbeyside and a St. Patrick’s Day Céilí open to all families in Lawlor’s Hotel, with a trad session beforehand for children. For more information on these events contact Bróna at dungarbhanlegaeilge@gmail.com or 0874785054.

waterford library services

Staff from the Libraries throughout city and county have organised a programme of bilingual/Irish events and activities, which will take place in the coming fortnight and all of which are free of charge. Dungarvan and Tramore Libraries will be hosting their regular Ciorcal Comhrá and Rannta le Chéile (Irish language rhymes for young children) and Portlaw and Ardkeen Libraries will run the ever-popular ‘Bingó as Gaeilge’ for local schools again this year and booking is essential at your local library.

Waterford Library Service has an extensive stock of Irish language books, which will be on display in various Libraries around the city and county during Seachtain na Gaeilge, with people encouraged to borrow and read the fabulous range of Irish language books that are available for both adults and children. Details of all events and activities can be obtained from your local Library and will also be shared on the Library Service website www.waterfordlibraries.ie and on social media.

We would like to thank all the individuals and groups for their co-operation and support in organising the programme of events and activities for this year’s Seachtain na Gaeilge. Therefore, if you would like to practice your ‘cúpla focal’, or simply listen to our native language in use, please feel free to attend any of these free Seachtain na Gaeilge events. Bain sult as!

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana agus beidh go leor imeachtaí ar siúl ar fud na Cathrach agus an Chontae. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag comhoibriú le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na nDéise agus seo blaiseadh de chuid de na rudaí a bheidh ar fáil.

Ceiliúradh Cultúir – beidh ócáid idir-chultúrtha ar siúl in Ionad Naomh Pádraig i gCathair Phort Láirge ar an Satharn 15 Márta óna 2-4pm, áit a bheidh deis ag cainteoirí Gaeilge (agus iad siúd le cúpla focal) agus baill de phobail níos nuaí na cathrach teacht le chéile chun blaiseadh dá gcultúir faoi seach a roinnt. Beidh baill de Chraobh na Cathrach de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag seinnt ceoil agus beidh deis blaiseadh a fháil ar ghnéithe de chultúr na hÉireann, lena n-áirítear ceol, amhránaíocht agus rince ar an sean-nós, agus iad ag foghlaim “cúpla focal Gaeilge.” Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách chuig an ócáid speisialta seo. Mar sin, má tá fonn ort do chúpla focal a labhairt i gcomhluadar il-chultúrtha, buail isteach go dtí Ionad Naomh Pádraig ar Shráid Phádraig ar an Satharn, 15 Márta aon am idir a dó agus a ceathar a chlog sa tráthnóna. Tá an ócáid seo á n-eagrú mar chuid de chlár imeachtaí na Féile Pádraig i gCathair Phort Láirge.

Beidh Turais Treoraithe Dhátheangacha thart ar Mhúsaem an Tórraimh i gCearnóg na hArdeaglaise sa Chathair ar an gCéadaoin 5 Márta, a bhuíochas le Donnchadh Ó Ceallacháin. Tosnóidh na turais ar a 11am agus 1.15pm agus tá fáilte roimh dhaoine teacht chun éisteacht le scéalta spéisiúla faoin mbeatha agus faoin mbás i bPort Láirge, faoi na traidisiúin agus na piseoga ó ré na luath-Chríostaíochta go dtí an 20ú aois. Fáilte roimh chách.

Lá na gCiorcal – Ciorcail na nDéise
Tá borradh agus fás tagtha ar líon na gCiorcal Comhrá i bPort Láirge le blianta beaga anuas agus beidh seans ag na grúpaí éagsúla teacht le chéile i gcomhair chupán tae agus caifé i gcomhluadar a chéile ar an gCéadaoin, 12 Márta sa Coach House Coffee i gCoill Mhic Thomáisín. Beidh Ciorcail Chomhrá ó Dhún Garbhán, ón tSráidbhaile, ó Thrá Mhór agus ó Chathair Phort Láirge ag teacht le chéile chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Má tá suim agatsa páirt a ghlacadh i gCiorcal Comhrá agus níl tú cinnte conas tabhairt faoi, déan teagmháil le do Leabharlann áitiúil nó leis an Oifigeach Gaeilge ag gaeilge@waterfordcouncil.ie do shonraí Chiorcal Comhrá in aice leatsa!

Tráth na gCeist Dátheangach – eagróidh Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge Tráth na gCeist dátheangach sa Cove Bar ar Bhóthar Dhún Mór sa Chathair ar an Déardaoin, 13 Márta ar a 8.00pm agus é ar oscailt don phobal i gcoitinne. Is oíche spraíúil í a thugann deis do dhaoine a gcuid ‘cúpla focal’ a úsáid in atmaisféar cairdiúil suaimhneach agus beidh go leor spotdhuaiseanna, ceol agus craic ar an oíche. Is féidir clárú roimh ré ach teagmháil a dhéanamh le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie.

DÚN GARBHÁN LE GAEILGE
Beidh Dún Garbhán le Gaeilge ag eagrú roinnt imeachtaí ar fud Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhún Garbhán le linn Sheachtain na Gaeilge, lena n-áirítear taispeáintí speisialta de scannáin Ghaeilge in Movies@Dungarvan do scoileanna áitiúla, Pop-Up Gaeltacht i dtigh tábhairne Alice O’Connor’s i nDún na Mainistreach agus Céilí Lá ‘le Pádraig atá oscailte do theaghlaigh in Óstán Lálor, le seisiún ceoil roimh ré do pháistí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí seo, déan teagmháil le Bróna ag dungarbhanlegaeilge@gmail.com nó 0874785054.

Seirbhísí Leabharlainne Phort Láirge
Beidh roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce. Beidh na Ciorcail Chomhrá agus seisiúin Rannta le Chéile ag leanúint ar aghaidh i Leabharlanna Thrá Mhór agus Dhún Garbhán agus beidh Bingó as Gaeilge á n-eagrú do scoileanna áitiúla i Leabharlanna Ard Chaoin agus Phort Lách agus is gá clárú roimh ré le do leabharlann áitiúil chun páirt a ghlacadh.

Tá stoc mór de leabhair Ghaeilge ag Leabharlanna Phort Láirge agus beidh na leabhair seo ar thaispeáint sna leabharlanna éagsúla le linn Seachtain na Gaeilge agus iachall faoi leith á cur ar dhaoine, idir óg agus aosta, leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir an t-eolas ar fad maidir leis na himeachtaí éagsúla atá á n-eagrú a fháil ó do Leabharlann áitiúil agus roinnfear iad chomh maith ar shuíomh gréasáin www.waterfordlibraries.ie agus ar na meáin shóisialta.

Gabhaimid buíochas le gach duine sna seirbhísí agus eagraíochtaí éagsúla as ucht a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta chun an clár imeachtaí seo a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

Deontais d’Fhéile & d’Imeachtaí Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge don bhliain 2025

St Patricks Day 2024

Cheadaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge leithdháileadh de €1,671,107 i maoiniú féilte agus imeachtaí chun cabhrú le forbairt agus cur chun cinn imeachtaí ar fud Chathair agus Chontae Phort Láirge sa bhliain 2025.

Tacóidh an leithdháileadh le 71 féile agus imeacht ar fud na cathrach agus an chontae. Is é príomhfhócas an mhaoinithe ná tacú le féilte áitiúla a chuireann tairbhí eacnamaíocha, turasóireachta, cultúrtha, ealaíonta nó pobail ar fáil do Phort Láirge agus iad a chur chun cinn. Ina theannta sin, tá maoiniú ar fáil chun oiliúint a chur ar fáil a chabhróidh le féilte agus le himeachtaí áitiúla fás agus forbairt a dhéanamh.

In 2025, chomh maith le himeachtaí mór le rá ar nós Féile Idirnáisiúnta Ealaíon Sráide Spraoi, Féile Bia Phort Láirge, agus Winterval, tá trí fhéile déag nua le bheith ar siúl, lena n-áirítear Féile an Phasáiste Thoir, Samhradh ar an gCósta, Carnabhal an Oirdheiscirt, agus Féile Ceol Rithim & Gormacha na hAbhann, féiltí a chinnteoidh clár iontach, taitneamhach don bhliain amach romhainn.

Ag labhairt dó tar éis gur glacadh leis an maoiniú dos na féile agus na himeachtaí, dúirt Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, an Clr. Jason Murphy, “Tá an leibhéal tacaíochta ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge do na healaíona, do cheoltóirí agus do dhaoine cruthaitheacha thar a bheith suntasach agus tá sé ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana.

“Idir na féilte fad-bhunaithe agus na féilte nua atá ar na bacáin, léiríonn na féilte seo an paisean, an dúthracht agus an chruthaitheacht iontach a shainíonn na pobail éagsúla ar fud chathair agus chontae Phort Láirge.

“Tá ríméad orm freisin go mbeidh trí cinn déag d’fhéilte nua ag tosú in 2025. Is léir go bhfuil raidhse cruthaitheachta agus samhlaíochta i bPort Láirge.”

Dúirt Michael Quinn, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, “Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an-bhródúil as a bheith ag cothú na bhféilte agus na n-imeachtaí bríomhara a thugann an pobal le chéile, ag cinntiú go leanann Port Láirge de bheith ina mol siamsaíochta éagsúil agus tarraingteach.

“I mbliana, le 13 fhéile nua chomh maith leis na cinn sean-bhunaithe, tá féilire cultúrtha Phort Láirge níos beoga ná riamh, le rud éigin ar fáil do gach duine chun taitneamh a bhaint as ó cheann ceann na bliana.”

-críoch-

 

Íomhá faoi iamh: 

Ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig Phort Láirge 2024

Tionól Nioclás Tóibín 2025

Tionól Nioclás Tóibin 2025

Tá raidhse imeachtaí amhránaíochta, ceoil, rince agus cultúir beartaithe i gcomhair dheireadh seachtaine na Féile Bríde 2025 i ndilchuimhne ar rí-amhránaí Éireann, Nioclás Tóibín, ón Rinn.

Tá forbairt ar imeachtaí na féile le blianta beaga anuas agus ceithre lá i gceist leis anois. Reáchtálfar an fhéile ar an Aoine, Satharn, Domhnach agus Luan, 31ú Eanáir – 3ú Feabhra.
Is cinnte go gcuirfidh Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne tús spleodrach leis an bhféile ag an gcéad cheolchoirm tráthnóna Aoine. I gcaitheamh na ceolchoirme bronnfar Gradam Nioclás Tóibín ar Thomás agus ar Shéamas Ó hAoláin (Tom agus Sham Hyland) mar aitheantas ar a bhfuil déanta acu don gceol agus don rince sna Déise le blianta fada.

Beidh lá gnóthach acu siúd a thugann a dtriall ar an Rinn ar Shatharn an Tionóil. Beidh ceardlanna ceoil ar bun i Meánscoil San Nioclás agus togha na gceoltóirí, sár-rinceoir agus amhránaí den scoth ina bhfeighil. Caithfear clárú i gcomhair na ceardlanna seo ar line ag Eventbright, bíonn anéileamh orthu agus moltar clárú go luath! San iarnóin beidh seisiún amhránaíochta an Tionóil i dTigh Mhuirithe; Seisiúin don aos óg i Meánscoil San Nioclás; Seal amhránaíochta do Naíonáin sa Mheánscoil; agus in ionad léacht an tionóil i mbliana beidh ‘Cur ‘s Cúiteamh’ le Breanndán Ó Beaglaoich i gColáiste na Rinne i gcomhpháirtíocht le hOifig Gaoluinne Chomhairle Contae Phort Láirge. Beidh scoth na gceoltóirí le cloisint tráthnóna Sathairn chomh maith agus teagascóirí an lae i mbun ceolchoirme i Halla Pobail na Rinne in bhfochair Dónal Clancy, Nell Ní Chróinín, Macdara Ó Faoláin, Seán Óg Mac Craith agusBreanndán Ó Beaglaoich.

Lá mór é an Domhnach chomh maith agus ceardlanna iluirlise againn. Eibhlín de Paor, Méabh Smyth agus Tom Doorley a bheidh ina mbun. Beidh togha an cheoil agus na hamhránaíochta le cloisint sna tithe tábhairne áitiúla i gcaitheamh an lae. I ndiaidh aifreann an Tionóil i Séipéal San Nioclás beidh Cór Fear na nDéise i mbun Amhránaíochta i dTigh Uí Mhaonaigh, fáilte roimh chách teacht agus canadh ina dteannta. Seolfar albaim i dTigh Mhuirithe – Macdara Ó Faoláin (Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn) agus Iarfhlaith Ó Domhnaill and Natalie Ní Chasaide (The Devil’s Dream) – agus sa tráthnóna cuirfear tús le rogha breá seisiúin ceoil i dTigh Mhuirithe, sa Marine Bar, in John Paul’s agus i dTigh Uí Mhaonaigh.

Cuirfear deireadh le himeachtaí Thionól Nioclás Tóibín 2025 ar an Luan agus is breá an chríoch a chuirfear leis an bhféile an lá céanna! Beidh ceadal iontach le Mícheál Ó Raghallaigh, Michael Rooney agus Sarah Ghriallais i Halla Cholmáin sa Seanphobal, caithfear ticéad a chur in áirthint ar Eventbrite toisc go mbíonn an-éileamh ar an imeacht seo. Ina dhiaidh sin beidh an seisiún deireanach againn i dTigh Mhuirithe agus fágfaimid slán leis an dTionóil go ceann bliana eile.

Ticéidí ag www.eventbrite.com/o/tionol-nioclas-toibin-43222835653, tuilleadh eolais agus nuashonraithe le fáilt ar Facebook, ar Instagram agus ar shuíomh idirlín an Tionóil.

Dréachtphlean Gníomhaíochta Torainn Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge 2024–2028

Dréachtphlean Gníomhaíochta Torainn Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge 2024–2028

Fáiltíonn Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge roimh aighneachtaí ón bpobal maidir leis an ndréacht den bPlean Gníomhaíochta Torainn, 2024-2028, arna ullmhú faoi I.R. Uimh.
549 de 2018 (arna leasú), chun dul i ngleic le torann ó mhórfhoinsí iompair. Is plean straitéiseach é seo chun aghaidh a thabhairt ar thorann ó phríomhbhóithre i bPort Láirge. Eisiatar leis an bplean seo torann ó ghníomhaíochtaí tí, torann a dhéanann comharsana, torann in ionaid oibre nó torann laistigh de mhodhanna iompair nó torann mar gheall ar ghníomhaíochtaí míleata i limistéir mhíleata.

Is é príomhchuspóir an phlean eolas a chur ar an bpobal agus dul i gcomhairle leo maidir le neamhchosaint ar thorann ó phríomhbhóithre agus na bearta ceartúcháin a d’fhéadfaí a bhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo. Beidh an dréachtphlean ar fáil lena iniúchadh le linn gnáthuaireanta oscailte ó 9:30am go 4:00pm ag na láithreacha seo a leanas go ceann tréimhse sé seachtaine dar tús an 4 Nollaig 2024 go dtí an 15 Eanáir, 2025.

  • Deascanna Seirbhísí do Chustaiméirí, Sráid Nua Bailey, Port Láirge agus Cé Mhic Dháibhéid, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge.

Is féidir aighneachtaí ar an dréachtphlean Gníomhaíochta Torainn a dhéanamh:

Ní mór aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn tráth nach déanaí ná 4:00pm Dé Céadaoin an 29 Eanáir 2025. Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha. Níor cheart aighneachtaí a dhéanamh ach trí aon mheán amháin, i.e. ar líne nó cóip chrua. Ba cheart d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist a bheith san áireamh ar d’aighneacht agus, nuair is iomchuí, ba cheart sonraí faoi aon eagraíocht, grúpa pobail etc. a ndéanann tú ionadaíocht orthu a bheith ann freisin.

Fógra gur ritheadh rún chun Ráta an Cháin Mhaoine Áitiúil a athrú

Public NoticeDe bhun fhorálacha alt 20 den ACHT AIRGEADAIS (CÁIN MHAOINE ÁITIÚIL) 2012 (arna leasú), cuirimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, in iúl don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta gur ritheadh rún ag cruinniú den údarás áitiúil thuasluaite ar an 10 Deireadh Fómhair 2024 á rá gur cheart an bunráta cánach maoine áitiúla a athrú suas cúig faoin gcéad déag dos na blianta 2025, 2026, 2027, 2028 agus 2029 i leith maoine cónaithe ábhartha atá suite i limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.

Tá an t-athrú ar ráta an Cháin Mhaoine Áitiúil i bhfeidhm ar feadh tréimhse cúig bliana ón gcéad dáta dliteanais Cánach Maoine Áitiúla eile, agus ina dhiaidh sin filleann an ráta CMÁ ar ais go dtí an bunráta (bunráta) tosaigh, mura bhfuil cinneadh eile déanta ag an gComhairle, mar fheidhm fhorchoimeádta in 2029, chun an t-athrú a choinneáil nó chun athrú eile a chur i bhfeidhm.

Sínithe: Seán McKeown
Príomhfheidhmeannach

CUISLE CEOIL Commemorative Concert celebrates Ardmore’s bygone Irish College

A very special evening of Irish language song and traditional music took place in St. Paul’s Church, Ardmore on Friday night last, September 27th, when a packed church celebrated the legacy of Coláiste Deuglán, a thriving Irish College that existed in the seaside village of Ardmore one hundred years ago.

Organised by the Irish Office of Waterford City and County Council, the commemorative concert featured three choirs and local musicians, who shared memories of bygone days when the Irish language was spoken daily in Ardmore. Featured Gaeltacht male voice choir, Cór Fear na nDéise, directed by Darren Ó Droma were joined for this special event by the local Ardmore Community Choir and by children from the local national school, Scoil Náisiúnta Deuglán Naofa. The Ardmore Community Choir, directed by Anne Gartland opened the concert with a beautiful rendition of ‘Sliabh Geal gCua’ and all three choirs sang songs in Irish, including songs from a booklet entitled ‘Cuisle Ceoil’, a collection of songs of the Déise, which was published one hundred years ago in July 1924 by local Ardmore man, Mícheál Ó Foghlú, one of the founders of Coláiste Deuglán.

Cuisle Ceoil was used as a songbook by those who attended Coláiste Deuglán from the 1920s to the 1940s and Councillor Niamh O’Donovan, who attended the concert as a representative of the Mayor of Waterford City & County, spoke on the night of how “wonderful it is to hear those traditional songs, which are such an integral part of our Irish language heritage, being brought to life again here tonight, across the road from where they were formerly sung in Coláiste Deuglán and I am proud to support this and other projects celebrating the rich Irish language culture in Waterford.”

Councillor O’Donovan and Archivist Joanne Rothwell also accepted an original copy of the Cuisle Ceoil songbook and an original photograph of attendees of Coláiste Deuglán in 1938, items which were kindly donated by Olive Keane on behalf of the Keane family, to the Waterford City & County Archive on the night.

In addition to the three choirs, young local traditional musicians Laoise Keevers & Johnjoe Brockie, joined by Katie Halpin Hill from An Rinn, also performed on the night and Irish Officer, Máire Seó Breathnach gave a presentation on the history of Coláiste Deuglán. Máire Seó presented historic photographs of the College and those who attended and she outlined the connections to the Irish college that still exist in Ardmore to this day, as the audience included descendants of those involved with the Irish college at the time, including Mícheál Ó Foghlú’s granddaughter, Marie O’Sullivan.

A highlight of the evening was the finale, in which Cór Fear na nDéise were joined on stage by the children from Ardmore National School to sing ‘Ar Maidin Dia Máirt’ and all three choirs and the audience raised the rafters in song to bring a fitting end to a wonderful evening of entertainment.

The Cuisle Ceoil concert was funded by Creative Waterford programme.

CUISLE CEOIL Coirm cheoil i gcomóradh ar Choláiste Gaeilge na hAirde Móire fadó

Tionóladh oíche iontach cheoil agus amhránaíochta Gaeilge in Eaglais Naomh Pól san Aird Mhór, Co Phort Láirge ar an Aoine seo caite, 27 Meán Fómhair mar cheiliúradh ar Choláiste Deuglán, Coláiste Gaeilge a bhí in ard a réime i sráidbhaile cois cósta na hAirde Móire céad bliain ó shin.

Eagraithe ag Oifig na Gaeilge de Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, bhí trí chór agus ceoltóirí áitiúla páirteach sa cheolchoirm speisialta seo, i gcuimhne ar uair nuair a bhí an Ghaeilge mar theanga labhartha laethúil san Aird Mhór. Bhí Cór Fear na nDéise, faoi stiúr Darren Ó Droma, mar aoianna speisialta na hoíche, agus in éineacht leo bhí Cór Pobail na hAirde Móire agus páistí ó Scoil Náisiúnta Deuglán Naofa san Aird Mhór. D’oscail Cór Pobail na hAirde Móire an coirm cheoil le leagan álainn den amhrán Sliabh Geal gCua, faoi stiúr Anne Gartland, agus chan an trí chór réimse d’amhráin Ghaeilge, ina measc amhráintí a foilsíodh i leabhrán dar teideal ‘Cuisle Ceoil’, bailiúchán amhrán na nDéise, a foilsíodh céad bliain ó shin, i mí Iúil 1924, ag fear áitiúil Mícheál Ó Foghlú, duine de bhunaitheoirí Choláiste Deuglán.

Bhí Cuisle Ceoil mar leabhar amhrán acu siúd a d’fhreastal ar Choláiste Deuglán idir na 1920daí agus na 1940daí agus labhair an Comhairleoir Niamh O’Donovan, a d’fhreastal ar an gcoirm cheoil mar ionadaí ar Mhéara Chathair & Chontae Phort Láirge, faoi “cé chomh hálainn is a bhí sé éisteacht leis na hamhráintí traidisiúnta, atá mar dhlúthchuid dár n-oidhreacht Ghaeilge, agus beocht curtha iontu arís anseo anocht, díreach trasna an bhóthair ón áit ar canadh iad i gColáiste Deuglán, agus tá bród orm tacú leis an ócáid seo agus le tograí eile a dheineann ceiliúradh ar chultúr saibhir na Gaeilge i bPort Láirge.”

Ghlac an Comhairleoir O’Donovan agus Cartlannaí Joanne Rothwell, le bunchóip den leabhrán Cuisle Ceoil agus de ghrianghraf daoibh siúd a d’fhreastal ar Choláiste Deuglán sa bhliain 1938 ar an oíche, dá iarsma a bhronn Olive Keane, thar cheann a muintir, ar Chartlann Phort Láirge.

Chomh maith leis an trí chór, sheinn ceoltóirí óga Laoise Nic Íomhair agus Johnjoe Brockie ón Aird Mhor, in éineacht le Katie Halpin Hill ón Rinn, sa choirm cheoil chomh maith agus thug an tOifigeach Gaeilge, Máire Seó Breathnach cur i láthair ar stair Choláiste Deuglán. Roinn sí sean-ghrianghrafanna den gColáiste agus daoibh siúd a d’fhreastal air, agus thug sí cur síos ar na ceangail atá fós idir an choláiste agus muintir na hAirde Móire sa lá atá inniu ann. Bhí sliocht cuid acu siúd a bhí bainteach leis an gColáiste sa lucht féachana ar an oíche, ina measc Marie O’Sullivan, gar-iníon le Mícheál Ó Foghlú.

Bhí an finale, nuair a roinn Cór Fear na nDéise an stáitse le páistí Scoil Náisiúnta Deuglán Naofa chun an t-amhrán ‘Ar Maidin Dia Máirt’ a chanadh, ar ceann de bhuaicphointí na hoíche agus tháinig an trí chór agus an lucht féachana le chéile chun an t-amhrán a chanadh le fonn agus le fuinneamh, mar chríoch chuí le hoíche iontach cheiliúrtha.

D’eagraíodh Cuisle Ceoil le tacaíocht ó chlár Éire Ildánach Phort Láirge.

Plean Corparáideach Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge – Comhairliúchán Poiblí ar Líne ar oscailt anois

Plean CorparáideachTugtar cuireadh don phobal a gcuid tuairimí a chur isteach ar Phlean Corparáideach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge 2024-2029.

Feidhmíonn an Plean Corparáideach mar chreat straitéiseach gníomhaíochta an údaráis áitiúil thar thréimhse na comhairle reatha ó 2024 go 2029. Is cuid lárnach de ghnó an údaráis áitiúil é agus leagann sé amach fís agus ráiteas misin Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, atá bunaithe ar chroíluachanna na heagraíochta.

Is é an Plean Corparáideach an straitéis uileghabhálach don eagraíocht agus treoróidh sé forbairt na bPleananna Seachadta Seirbhíse Bliantúla.

Tá an Plean Corparáideach á ullmhú ar bhonn cuimsitheach trí chomhairliúchán le páirtithe leasmhara inmheánacha, sé sin comhaltaí tofa, baill foirne agus coistí éagsúla, mar aon le páirtithe leasmhara seachtracha.

Is é an cuspóir atá leis ná ionchur a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir i bhforbairt an phlean.

Ag leagan amach na gcúig phríomhaidhm chorparáideacha ardleibhéil, chomh maith leis an bhfís, an ráiteas misin agus na croíluachanna as seo go 2029, ba mhaith le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge do thuairimí agus d’aiseolas a chloisteáil faoi na rudaí ar mhaith leat go ndíreodh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge orthu sna cúig bliana amach romhainn.

Agus é ag oscailt an chomhairliúcháin phoiblí ar líne, dúirt Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, an Clr. Jason Murphy, “Le linn shaolré na Comhairle seo, tá tuairimí an phobail ina ndlúthchuid de Phlean Corparáideach a fhorbairt atá nuálach, uaillmhianach agus inbhuanaithe agus a thacaíonn le riachtanais Phort Láirge mar an áit is fearr le cónaí ann, le bheith ag obair ann, le gnó a dhéanamh ann agus le cuairt a thabhairt air.”

Dúirt Seán McKeown, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge freisin, “Beidh Plean Corparáideach 2024-2029 ina threochlár don Údarás Áitiúil chun tosaíochtaí straitéiseacha a sheachadadh agus chun a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais shaoránaigh, phobail agus pháirtithe leasmhara uile Phort Láirge.”

“Tá an t-ionchur ón bpobal thar a bheith luachmhar agus cuideoidh sé linn an Plean Corparáideach a mhúnlú agus, dá bhrí sin, Pleananna Seachadta Seirbhíse Bliantúla na heagraíochta a fhorbairt.”

Breithneofar gach aighneacht a dhéanfar agus cuirfear tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar fáil do chomhaltaí tofa Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge chun cabhrú le Plean Corparáideach a thabhairt chun críche.

Beidh an tairseach Comhairliúcháin Phoiblí ar líne ar oscailt go dtí 5pm, Dé hAoine, 11 Deireadh Fómhair 2024 agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar https://bit.ly/CorporatePlan24-29

Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost freisin chuig Honor Dunphy ag hdunphy@waterfordcouncil.ie nó sa phost chuig Honor Dunphy, Oifigeach Riaracháin, Oifig Chorparáideach, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Halla na Cathrach, An Meal, Port Láirge, X91 PK15.

-Críoch-

CUISLE CEOIL : Coirm cheoil i gcomóradh ar Choláiste Gaeilge na hAirde Móire fadó

Tionólfar coirm cheoil speisialta comórtha le Cór Fear na nDéise in Eaglais Naomh Pól san Aird Mhór, Co Phort Láirge ar an Aoine, 27 Meán Fómhair.

Beidh amhráin a bhí le clos i gColáiste Deuglán, Coláiste Gaeilge rathúil a bhí lonnaithe i sráidbhaile cois cósta na hAirde Móire céad bliain ó shin, mar dhlúthchuid den gcoirm cheoil seo, atá á n-eagrú ag Oifig na Gaeilge de Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Chomh maith le Cór Fear na nDéise, beidh Cór Pobail na hAirde Móire agus páistí ó Scoil Náisiúnta Deuglán Naofa san Aird Mhór ag canadh ag an ócáid speisialta seo.

Céad bliain ó shin, i mí Iúil 1924, d’fhoilsigh Mícheál Ó Foghlú, duine de bhunaitheoirí Choláiste Deuglán, leabhrán dar teideal Cuisle Ceoil’, bailiúchán amhrán na nDéise a bhailigh sé agus é ag taisteal mar thimire de chuid Chonradh na Gaeilge. Foilsíodh an leabhrán mar leabhar amhrán dóibh siúd a bhí ag freastal ar Choláiste Deuglán, a bhí lonnaithe in aice leis an bhfoirgneamh ina bhfuil an Round Tower Hotel sa lá atá inniu ann. Tá an coirm cheoil seo á n-eagrú mar chomóradh ar an gColáiste Gaeilge agus na hamhráin Ghaelacha a d’fhoghlaim lucht foghlamtha na Gaeilge ann i mblianta tosaigh an tSaorstáit.

“Le tacaíocht ó chlár Éire Ildánach Phort Láirge, tá áthas orainn an coirm cheoil speisialta seo a eagrú mar chomóradh ar Choláiste Deuglán,” arsa Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge na Comhairle.

“Bhí an Ghaeilge fós in úsáid mar theanga pobail ag daoine áirithe san Aird Mhór suas go dtí lár an chéid seo caite agus bhí Coláiste Deuglán mar chroílár na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh sa tsráidbhaile ó 1920 go dtí lár na 1940daí. Tá áthas orm go mbeidh Cór Fear na nDéise ag canadh amhrán ón leabhrán Cuisle Ceoil agus go mbeidh na cóir áitiúla pobail agus scoile san Aird Mhór ar an gclár chomh maith. Is slí iontach é an coirm cheoil seo chun cultúr agus traidisiún na Gaeilge san Aird Mhór fadó a chur ar a súile dos na glúnta níos óige agus beocht a chur sna hamhráin úd arís san ionad álainn, Eaglais Naomh Pól.”

Beidh coirm cheoil Cuisle Ceoil ar siúl in Eaglais Naomh Pól, Ard a’ Mhinistir, Aird Mhór ar a 7.30i.n. ar an Aoine, 27 Meán Fómhair. Cosnaíonn ticéidí €10 agus tá siad ar fáil ar Eventbrite ag an nasc https://www.eventbrite.ie/e/1012828004827/, nó lorg Cuisle Ceoil, nó trí r-phost a sheoladh chuig gaeilge@waterfordcouncil.ie.

Event: CAD AS DUIT? Logainmneacha na nDéise

Placenames of the Déise

Cén madra a chuaigh trí Bhearna an Mhadra agus cé a chrochadh ag Cloch an Oidhre?

Má tá suim agat i gceisteanna mar seo, bígí linn ag an ócáid “Cad as Duit? Placenames of the Déise” i Leabharlann Dhún Garbhán, Co. Phort Láirge ar an Déardaoin, 22 Lúnasa ar a 6.30i.n., eagraithe ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.

Tabharfar cuireadh duit buail isteach go dtí Leabharlann Dhún Garbhán aon am idir 6.30i.n. agus 7.30i.n. i gcomhair bhlaiseadh d’oidhreacht logainmneacha Phort Láirge trí amhráintí, dhánta agus chainteanna gairide. I measc na míreanna ar an gclár neamhfhoirmeálta, tá cainteanna ar Rúin na Logainmneacha, Logainmneacha Ghailtír, Logainmneacha Shléibhte & Chósta Phort Láirge agus eolas ar obair Choiste Logainmneacha Phort Láirge agus ar conas tochailt ar líne do léarscáileanna, taifid agus foinsí eile luachmhara logainmneacha.

Sé príomh-mhír chlár na hoíche ná an chéad léiriú poiblí de Ceol na gCloch, dán nua-scríofa ar Logainmneacha na nDéise (coimisiúnaithe le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge) ón bhfile ón Rinn, Catherine Foley, maraon le físeán tionlacain léirithe aici féin agus a deirfiúr RoseAnn. Chomh maith leis sin, beidh seans ag daoine éisteacht le hamhráintí áitiúla a léiríonn logainmneacha áirithe os na Déise.

Tá an ócáid Seachtain Oidhreachta seo á n-eagrú ag Coiste Logainmeacha Chomhairle Phort Láirge le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge.

Ócáid dátheangach saor in aisce.  Beidh sólaistí ar fáil. Ní gá áirithint a dhéanamh.

Déan teagmháil le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag msbreathnach@waterfordcouncil.ie le haon fhiosrúcháin.

-críoch-

CAD AS DUIT? Logainmneacha na nDéise

Placenames of the Déise

Cén madra a chuaigh trí Bhearna an Mhadra agus cé a chrochadh ag Cloch an Oidhre?

Má tá suim agat i gceisteanna mar seo, bígí linn ag an ócáid “Cad as Duit? Placenames of the Déise” i Leabharlann Dhún Garbhán, Co. Phort Láirge ar an Déardaoin, 22 Lúnasa ar a 6.30i.n., eagraithe ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.

Tabharfar cuireadh duit buail isteach go dtí Leabharlann Dhún Garbhán aon am idir 6.30i.n. agus 7.30i.n. i gcomhair bhlaiseadh d’oidhreacht logainmneacha Phort Láirge trí amhráintí, dhánta agus chainteanna gairide. I measc na míreanna ar an gclár neamhfhoirmeálta, tá cainteanna ar Rúin na Logainmneacha, Logainmneacha Ghailtír, Logainmneacha Shléibhte & Chósta Phort Láirge agus eolas ar obair Choiste Logainmneacha Phort Láirge agus ar conas tochailt ar líne do léarscáileanna, taifid agus foinsí eile luachmhara logainmneacha.

Sé príomh-mhír chlár na hoíche ná an chéad léiriú poiblí de Ceol na gCloch, dán nua-scríofa ar Logainmneacha na nDéise (coimisiúnaithe le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge) ón bhfile ón Rinn, Catherine Foley, maraon le físeán tionlacain léirithe aici féin agus a deirfiúr RoseAnn. Chomh maith leis sin, beidh seans ag daoine éisteacht le hamhráintí áitiúla a léiríonn logainmneacha áirithe os na Déise.

Tá an ócáid Seachtain Oidhreachta seo á n-eagrú ag Coiste Logainmeacha Chomhairle Phort Láirge le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge.

Ócáid dátheangach saor in aisce.  Beidh sólaistí ar fáil. Ní gá áirithint a dhéanamh.

Déan teagmháil le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag msbreathnach@waterfordcouncil.ie le haon fhiosrúcháin.

-críoch-

Ról Phort Láirge i mbunús an chéad Choimisiúin Ghaeltachta

Colaiste na Rinne

TÚS MAITH NA hOIBRE: Ag Cothú an Choimisiúin

Ról Phort Láirge i mbunús an chéad Choimisiúin Ghaeltachta 

Is í an bhliain seo chugainn comóradh 100 bliain ar an gcéad phlean náisiúnta tábhachtach ón Rialtas chun tacú leis an nGaeilge i Saorstát nua neamhspleách na hÉireann.

Bhí ról tábhachtach ag roinnt príomhphearsana as Port Láirge i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 1925 agus ina measc siúd bhí an Ginearál Richard Mulcahy, cathaoirleach an Choimisiúin agus Séamus Ó hEochadha “An Fear Mór” as Coláiste na Rinne, a bhí ina bhall den Choimisiún. Reáchtáladh ceann de chéad éisteachtaí poiblí an Choimisiúin i nDún Garbhán i mí Dheireadh Fómhair 1925.

Níl iontu seo ach cuid de na naisc atá ag Port Láirge leis an gcéad phlean tábhachtach seo de Shaorstát na hÉireann chun tacú leis an nGaeilge agus an chéad iarracht chun ceantair Ghaeltachta na hÉireann mar a thugtar orthu anois a shonrú. Mar sin, conas a tharla sé seo? Cuireadh na síolta chuige seo i bhfad sular bunaíodh an Coimisiún agus foilsíodh a thuarascáil agus mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain Oidhreachta Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, tabharfaidh Liam Suipéil, iar-Stiúrthóir Choláiste na Rinne, caint dhátheangach ina ndéanfar iniúchadh ar an slí ar tháinig na naisc níos luaithe seo chun cinn. Fiosróidh sé an tionchar a bhí ag Coláiste na Rinne agus ag Gaeltacht Phort Láirge agus a muintir ar bhunchloch pholasaí na Gaeilge i mblianta tosaigh Stát na hÉireann.

Bígí linn i Leabharlann Dhún Garbhán ar 7i.n. Dé Máirt 20 Lúnasa chun súil a chaitheamh ar an gcaoi a raibh baint ag Port Láirge le cúrsaí Gaeilge an Stáit céad bliain ó shin.

Is ceiliúradh é seo ar Phort Láirge agus ar an nGaeilge agus mar chuid den cheiliúradh seo beidh an píobaire uilleann as Port Láirge, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, David Power, ag seinm cúpla port mar léiriú ar thraidisiún cultúrtha bríomhar agus saibhir Phort Láirge.

Tá an t-imeacht seo mar chuid de Chlár Cuimhneacháin 2024 Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus faigheann sé tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Ócáid saor in aisce.  Beidh sólaistí ar fáil. Ní gá áirithint a dhéanamh.

Déan teagmháil le Joanne Rothwell Cartlannaí Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag archivist@waterfordcouncil.ie le haon fhiosrúcháin.

-críoch-

Íomha: Colásite na Rinne (Liam Suipéil)