Skip to content

Meabhrúchán : Scéim Athnuachana Bailte & Sráidbhailte 2024 Léiriú Spéise

Town & Village Renewal logoRiarfaidh Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2024, arna maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Maoinítear an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte faoi Thionscadal Éireann 2040 agus is príomhthionscnamh í de chuid Ár dTodhchaí Tuaithe — Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025. Tá cuspóirí Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2024 dírithe ar ailíniú a dhéanamh leis na gealltanais laistigh dár gcáipéisÍ pholasaí Ár dTodhchaí Tuaithe agus Tús Áite do Lár an Bhaile.

Tá an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte dírithe ar a chinntiú go bhforbrófar bailte agus sráidbhailte tuaithe i bPort Láirge agus áiteanna níos tarraingtí a dhéanamh díobh chun cónaí agus oibriú iontu agus chun a n-acmhainneacht eacnamaíoch a mhéadú.

Tá léirithe spéise ó bhailte agus ó shráidbhailte á lorg anois ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge chun tionscadail oiriúnacha a mhaoiniú faoin tionscnamh seo. Is féidir foirm léirithe spéise agus sonraí faoi imlíne na Scéime a fháil trí ríomhphost a chur chuig townvillagerenewal@waterfordcouncil.ie agus tá foirmeacha léirithe spéise comhlánaithe le seoladh ar ais roimh 5.00i.n. Dé hAoine 19 Aibreán 2024.

Beidh gach iarratas faoi réir próiseas roghnúcháin a úsáideann Critéir Náisiúnta. Forbrófar iarratais léirithe spéise roghnaithe ina dtairiscintí mionsonraithe lena mbreithniú do Scéim
Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2024.

Scéim Athnuachana Bailte & Sráidbhailte 2024 Léiriú Spéise

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana agus beidh go leor imeachtaí ar siúl ar fud na Cathrach agus an Chontae. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag comhoibriú le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na nDéise agus seo blaiseadh de chuid de na rudaí a bheidh ar fáil.

Ceiliúradh Idirchultúrtha – beidh ócáid idir-chultúrtha ar siúl in Ionad Naomh Pádraig i gCathair Phort Láirge ar an Satharn 16 Márta óna 2.00-4.00i.n., áit a bheidh deis ag cainteoirí Gaeilge (agus iad siúd le cúpla focal) agus baill de phobail níos nuaí na cathrach teacht le chéile chun blaiseadh dá gcultúir faoi seach a roinnt. Beidh baill de phobail Igbo, Afganastánach agus Ungárach na Cathrach i láthair agus beidh deis acu blaiseadh a fháil ar ghnéithe de chultúr na hÉireann, lena n-áirítear ceol, amhránaíocht agus rince na hÉireann, agus iad ag foghlaim “cúpla focal Gaeilge.” Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách chuig an ócáid speisialta seo. Mar sin, má tá fonn ort do chúpla focal a labhairt i gcomhluadar il-chultúrtha, buail isteach go dtí Ionad Naomh Pádraig ar Shráid Phádraig ar an Satharn, 16 Márta aon am idir a dó agus a ceathar a chlog sa tráthnóna.                                                                                                                

Lón na Gaeilge – beidh Lón na Gaeilge speisialta d’fhoireann na Comhairle agus don bpobal i gcoitinne ar siúl in Óstán an Túir i gCathair Phort Láirge ar an Déardaoin, 14 Márta. Má tá suim agat buaileadh isteach chun craic agus comhrá a bheith agat i measc chomhluadair Ghaelaigh, is gá clárú roimh ré le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie.

Beidh Turas Dhátheangach Treoraithe thart ar an Músaem Mheánaoiseach, Cearnóg na hArdeaglaise sa Chathair ar an gCéadaoin 13 Márta ag 1.15i.n., ar chostas laghdaithe de €5 an duine agus tá fáilte roimh chách teacht chun éisteacht le Donncha Ó Ceallacháin ag roinnt scéalta spéisiúla faoi stair shaibhir Phort Láirge.

Tráth na gCeist Dátheangach – eagróidh Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge Tráth na gCeist dátheangach sa Cove Bar ar Bhóthar Dhún Mór sa Chathair ar an Máirt, 12 Márta ar a 8.00i.n. agus é ar oscailt don phobal i gcoitinne. Is oíche spraíúil í a thugann deis do dhaoine a gcuid ‘cúpla focal’ a úsáid in atmaisféar cairdiúil suaimhneach agus beidh go leor spotdhuaiseanna, ceol agus craic ar an oíche. Is féidir clárú roimh ré ach teagmháil a dhéanamh le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie.

Beidh ócáid Open Mic “The Spoken Word/An Focal Labhartha” ar siúl ar i gCeathrú Cultúrtha Chathair Phort Láirge Dé Sathairn, 16 Márta ó 11.30r.n.-1.00in. Beidh léamh filíochta agus próis i nGaeilge agus i mBéarla ó dhaoine éagsúla. Mar sin, bígí i lár an aonaigh linn ag an ócáid amuigh faoin aer saor in aisce seo, atá á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Lá Fhéile Pádraig Phort Láirge.

DÚN GARBHÁN LE GAEILGE
Beidh Dún Garbhán le Gaeilge ag eagrú roinnt imeachtaí ar fud Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhún Garbhán le linn Sheachtain na Gaeilge, lena n-áirítear taispeáintí speisialta de scannáin Ghaeilge in Movies@Dungarvan do scoileanna áitiúla, Pop-Up Gaeltacht i dtigh tábhairne Alice O’Connor’s i nDún na Mainistreach agus Céilí atá oscailte do theaghlaigh in Óstán Lálor, le seisiún ceoil roimh ré do pháistí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí seo, déan teagmháil le Bróna ag dungarbhanlegaeilge@gmail.com nó 0874785054.

Seirbhísí Leabharlainne Phort Láirge
Beidh roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce.

Beidh Bingó as Gaeilge á n-eagrú do scoileanna áitiúla i Leabharlanna Ard Chaoin, Charraig Phiarais agus Phort Lách agus is gá clárú roimh ré le do leabharlann áitiúil chun páirt a ghlacadh. Leanfaidh an Ciorcal Comhrá seachtainiúil ar aghaidh i Leabharlann Thrá Mhór gach Déardaoin le linn na coicíse agus ar an gCéadaoin, 6 Márta, beidh ócáid scéalaíochta agus cheardaíochta trí Ghaeilge á reáchtáil ag Leabharlann Thrá Mhór chomh maith. Beidh Leabharlann Bhóthar de Brún ag tabhairt chuireadh do ranganna ó scoileanna áitiúla páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla as Gaeilge agus cuirfidh siad crosfhocail agus tóraíocht focal ar fáil do pháistí a thugann cuairt ar an Leabharlann ón 1-15ú Márta. Beidh réimse puzail agus crosfhocail as Gaeilge ar fáil i Leabharlann na Leasa Móire le linn na coicíse agus sa Lárleabharlann is féidir leat foghlaim faoi raon áiseanna foghlama Gaeilge ar líne agus beidh foireann na leabharlainne ar fáil chun a thaispeáint duit conas tosú. Ina theannta sin, reáchtálfaidh an Lárleabharlann seisiún faisnéise buail isteach leis an Oifigeach Gaeilge do Wikimedia Ireland, Amy O’Riordan, a labhróidh ar Vicipéid agus a thaispeánfaidh do dhaoine conas a oibríonn sé, conas clárú leis agus conas tús a chur le heagarthóireacht/scríbhneoireacht.

Tá stoc mór de leabhair Ghaeilge ag Leabharlanna Phort Láirge agus beidh na leabhair seo ar thaispeáint sna leabharlanna éagsúla le linn Seachtain na Gaeilge agus iachall faoi leith á cur ar dhaoine, idir óg agus aosta, leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir an t-eolas ar fad maidir leis na himeachtaí éagsúla atá á n-eagrú a fháil ó do Leabharlann áitiúil agus roinnfear iad chomh maith ar shuíomh gréasáin www.waterfordlibraries.ie agus ar na meáin shóisialta.

Gabhaimid buíochas le gach duine sna seirbhísí agus eagraíochtaí éagsúla as ucht a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta chun an clár imeachtaí seo a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

Seolann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge Mol Toghcháin roimh Thoghcháin Áitiúla 2024

Sheol Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge láithreán tiomnaithe Toghchán le déanaí.

Cuireann an mol ar líne Toghcháin Phort Láirge 2024 eolas fíor-ama ar fáil roimh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha atá ar na bacáin.

Tá eolas ar an láithreán faoi na toghcháin áitiúla agus Eorpacha, sonraí faoi shé thoghcheantar Phort Láirge, mar aon le heolas faoi incháilitheacht vótála.

Ba é foireann GIS agus Claochlaithe Sonraí de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge a dhear an mol seo, an chéad mhol toghcháin tiomnaithe atá curtha ar fáil ag údarás áitiúil in Éirinn.

Ag trácht ar sheoladh an mhoil, dúirt Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, An Comhairleoir Seosamh Ó Conmhuí, “Is acmhainn faisnéiseach, inrochtana agus éasca le húsáid í seo, atá ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, a thabharfaidh freagra ar na ceisteanna atá á gcur ag toghthóirí Phort Láirge.

“Cuireann sé faisnéis ríthábhachtach ar fáil sa tréimhse roimh na toghcháin, ar nós faisnéis faoi threoracha chuig stáisiúin vótála sannta agus léarscáileanna na dtoghcheantar áitiúil, rudaí a bheidh an-úsáideach agus a dhéanfaidh an próiseas vótála níos éasca do dhaoine.”

Dúirt an Méara chomh maith, “Táimid an-bhródúil go bhfuil an mol seo ar fáil i nGaeilge freisin. Mar chontae Gaeltachta, foinse eolais an-luachmhar agus iontaofa as Gaeilge a bheidh san acmhainn seo, a thabharfaidh deis dár saoránaigh uile cinneadh eolach a dhéanamh ag an mbosca ballóide.”

Tugann Jon Hawkins, Ceannaire Tionscadail GIS Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, míniú ar bhunús an mhoil. “Tógadh Mol Toghcháin Phort Láirge trí úsáid a bhaint as córas faisnéise geografaí na Comhairle (ArcGIS an ESRI) agus déantar é a nuashonrú go laethúil ó bhunachar sonraí Chlár na dToghthóirí, ag baint úsáide as a ardán comhtháthaithe agus saibhrithe sonraí, FME de chuid Safe Software.

“Ní hamháin go gcuirfidh sé faisnéis bhallóide ábhartha ar fáil do chónaitheoirí agus do vótálaithe sula gcaithfidh siad a vóta, ach tá sé mar aidhm ag an dearadh freisin rannpháirtíocht vótálaithe a mhéadú mar go gcabhraíonn sé le vótálaithe teacht ar a stáisiún vótála sannta ionas gur féidir leo a vóta a chaitheamh go héasca ar an lá.”

Chuir Dermot O’Kane ón ESRI fáilte roimh an tionscnamh ag rá, “Acmhainn nua iontach is ea í seo do phobal Phort Láirge. Úsáideann an aip seo cumhacht sonraí chun rochtain simplí ar eolas faoin dtoghchán a thabhairt do shaoránaigh, ag cur ar a gcumas dul i ngleic go fóinteach leis an bpróiséas vótála.”

Dúirt Paul Johnston, Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí agus Ceann Comhairimh le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, “Leanfaidh an mol ag uasdátú agus ag athrú sna míonna amach romhainn. A luaithe is a fhógróidh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil lá vótaíochta an toghcháin, foilseoidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge fógra ag lorg ainmniúchán, a chuirfear leis an mol nuair a cheadófar é.

“Beidh ainm agus seoladh an iarrthóra agus an toghcheantair ina bhfuil siad ag rith san áireamh san fhaisnéis seo. Ar an iomlán, beidh iarrthóirí ag seasamh chun 32 shuíochán a líonadh trasna sé cinn de thoghlimistéir áitiúla i gcathair agus i gcontae Phort Láirge.”

Is féidir an mol a úsáid chun rochtain a fháil ar fhaisnéis amhail:

  • Aimsigh mo Stáisiún Vótála: Cabhraíonn an feidhmchlár seo leat do Stáisiún Vótála a aimsiú trí d’Eirchód a chur isteach.
  • Léarscáil na dToghcheantar Áitiúil: Breathnaigh ar mhéid gach Toghcheantair ar leith laistigh de Chathair agus Contae Phort Láirge ar ríomhaire deisce, ar tháibléad nó ar fhón cliste.
  • Ceisteanna Coitianta faoi Vótáil agus Clárú: Liosta cuimsitheach de cheisteanna coitianta a d’fhéadfá a chur roimh thoghchán nó do bhallóid a chaitheamh.
  • Cé hiad mo Chomhairleoirí: Trí d’Eirchód a chur isteach, cuirfear ar an eolas thú faoin toghlimistéar ina bhfuil cónaí ort agus faoi shonraí na n-ionadaithe tofa áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha atá ann faoi láthair (arna thabhairt cothrom le dáta nuair a bheidh dáta deiridh an Fhógra Vótaíochta caite).
  • Torthaí na dToghchán: Déan iniúchadh ar thorthaí deimhnithe de réir mar a bheidh siad ar fáil.

Faigh tuilleadh eolais faoi na toghcháin áitiúla agus Eorpacha atá ar na bacáin ag Toghcháin Phort Láirge 2024 ag www.waterfordcouncil.ie

-críoch-

Íomhánna: Saor in Aisce le húsáid — Patrick Browne: Ag seoladh mhol ar líne do Thoghcháin Phort Láirge le Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, An Comhairleoir Seosamh Ó Conmhuí, tá Honor Dunphy, Oifigeach Riaracháin; Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge agus Jon Hawkins Ceannaire Tionscadail GIS, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.

Comhairliúchán Poiblí 1 : Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán

Proposed Cycle Route

Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann agus Comhairle Contae Chorcaí, cuireadh dóibh siúd a chónaíonn, a oibríonn nó a thugann cuairt ar an limistéar staidéir idir Eochaill agus Dún Garbhán agus aon pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh sa chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil do Bhealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán bealach rothaíochta sábháilte, nasctha agus tarraingteach a chur ar fáil idir Eochaill agus Dún Garbhán, agus é mar chuid de nasc straitéiseach sa Líonra Náisiúnta Rothaíochta (NCN). Tá an tionscadal mar chuid den ‘Tionscadal maidir le Treo-Aimsitheoir Corcaigh go Port Láirge’ atá aitheanta ag an Roinn Iompair chun tacú le Beartas Soghluaisteachta Inbhuanaithe Rialtas na hÉireann. Cuirfidh an tionscadal ar chumas úsáideoirí rothaíocht go sábháilte chun críocha áineasa, fóillíochta agus comaitéireachta idir an dá bhaile agus tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar inrochtaineacht ar sheirbhísí, ar áiseanna agus ar nithe is díol spéise, amhail Slí Dhéagláin, feadh an bhealaigh.

Tá an tionscadal i gCéim 2 faoi láthair: Roghnú Roghanna, lena mbaineann conairí bealaí féideartha laistigh de réimse an staidéir a shainaithint agus a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha bealaigh is fearr.

Iarrtar ort teacht chuig ár n-imeachtaí comhairliúcháin phoiblí chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal agus chun do thuairimí agus d’aiseolas faoin scéim a roinnt linn.

Beidh dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí ar an láthair ar siúl mar seo a leanas:

  1. Dé Máirt, 20 Feabhra 2024: 14:30-20:00
    Óstán na Páirce, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, X35 CC97
  2. Dé Céadaoin, an 21 Feabhra 2024: 14:30-20:00
    Ionad Ealaíon an Mheal, Teach an Mheal, Eochaill, Co. Chorcaí, P36 FR96

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí ar líne freisin trí fhéachaint ar fhaisnéis an tionscadail agus tríd an bhfoirm aiseolais ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an tionscadail a líonadh isteach ag: y2dcycleroute.ie ón 20ú Feabhra.

Beidh eolas faoin tionscadal agus foirmeacha aiseolais ar fáil freisin ag Oifigí Cathartha Dhún Garbhán, Leabharlann Dhún Garbhán agus Leabharlann Eochaille ón 20 Feabhra. Beidh an comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar oscailt le haghaidh tuairimí ón Máirt 20 Feabhra go dtí Dé Máirt 5 Márta.

Mura féidir leat freastal ar cheann dár n-imeachtaí i bpearsain agus mura bhfuil tú in ann teacht ar an suíomh gréasáin, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le foireann an tionscadail ar an teileafón ar 0818 10 20 10 agus a chur in iúl go mbaineann do ghlao le Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán, trí ríomhphost a sheoladh chuig ActiveTravel@waterfordcouncil.ie nó tríd an bpost chuig Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, An Rannóg um Thaisteal Gníomhach, Rannóg na mBóithre, Oifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.

GLACFAR SAOR IN AISCE LE CRAINN NOLLAG NÁDÚRTHA I GCOMHAIR ATHCHÚRSÁLA AG NA HIONAID FHÓNTAS POIBLÍ GO DTÍ AN 13 EANÁIR 2024

  • Cill Bharra

Luan – Aoine   11.00r.n. – 4.00i.n.

  • Dún Garbhán

Luan – Déardoin 8.30r.n.- 1.00i.n. & 1.30i.n.- 4.00i.n.

Satharn 9.00r.n. – 12.30i.n.

Déan athchúrsáil ar do chadhnraí le do thoil. Úsáid na boscaí bailiúcháin chadhnra i do theach, i do scoil, san ionad oibre, i do shiopa áitiúil agus ag d’ionad fóntas poiblí áitiúil.

Fógra Maidir le Buiséad an Údaráis Áitiúil

Tugtar fógra leis seo gur ullmhaíodh Buiséad Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge don Bhliain Airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2024 agus go mbreithneoidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge é ag an gCruinniú Buiséid
a thionólfar ar 2.00 i.n. Dé Máirt 28 Samhain 2023 i Halla na Cathrach, An Meal, Port Láirge.

Is féidir le duine ar bith den phobal cóip den mbuiséad a iniúchadh saor in aisce ag Deasca Seirbhísí Custaiméirí, Sráid Nua Bailey, Port Láirge agus Cé Dháibhéid, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge fad is atá na hoifigí ar oscailt chun gnó oifigiúil a dhéanamh.

Cuirfear cóip de Bhuiséad na gCostas ar fáil d’aon duine a dhéanann iarratas ar phraghas €5

Michael Walsh
Príomhfheidhmeannach,
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

Moladh chun bóithre atá ag freastal ar fhorbairt ag Fáinne Na Farraige a fhógairt mar Bhóithre Poiblí

Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 11 Fo-alt (1)(b)(iii) d’Acht na mBóithre 1993 go bhfuil sé beartaithe agComhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge na bóithre thíosluaite a chlárú mar Bhóithre Poiblí.

  • Bóithre a fhreastalaíonn ar fhorbairt ag Fáinne Na Farraige, An Rinn

Tá an líníocht a thaispeánann na bóithre atá le glacadh i gcúram ar fáil lena iniúchadh thíos, nó is féidir féachaint ar chóipeanna inár Ranna Seirbhísí do Chustaiméirí i gCé Dáibhéid, Dún Garbhán nó ar Shráid Nua Bailey ar feadh tréimhse míosa suas go dtí an 13 Nollaig, 2023 agus an lá sin san áireamh.

Léarscáil (Cliceáil le haghaidh leagan níos mó)

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an togra chun na bóithre a chlárú mar Bhóithre Poiblí a dhéanamh i scríbhinn suas go dtí an 27ú Nollaig, 2023. Cuir ainm na forbartha i líne ábhair nahaighneachta, le do thoil.

Sa Post: Aideen Jacob, Oifigeach Riaracháin, Rannóg na mBóithre, Áras Menapia, An Meal, Port Láirge.
Trí Ríomhphost: submissionsroads@waterfordcouncil.ie

Cuir ‘Glacadh i gCúram – Fáinne na Farraige, An Rinn’ i líne an ábhair le do thoil.

Athbhreithniú Cíosa 2023

Tá Athbhreithniú Cíosa á dhéanamh do gach Tionónta Tithíochta Sóisialta. Chun a chinntiú go bhfuil sonraí cearta agus suas chun dáta againn le haghaidh gach teaghlach, iarrtar ar Thionóntaí an Fhoirm Athbhreithnithe Cíosa a chomhlánú maidir lena gcomhdhéanamh teaghlaigh agus sonraí ioncaim. Eiseofar foirmeacha Athbhreithnithe Cíosa go díreach chuig na Tionóntaí go léir go luath.

Is ar na Tionóntaí atá an fhreagracht, faoin gComhaontú Tionóntachta, a chinntiú go gcuireann siad na sonraí cearta faoi bhráid na Comhairle ar mhaithe le ríomh cíosa. Mura gcuirtear ar ais an fhoirm chomhlánaithe go hiomlán leis na cruthúnais ábhartha ar ioncam d’fhéadfadh go gcuirfí Pionós Cíosa ar an gcuntas cíosa.

Sula seolfaidh tú an fhoirm chomhlánaithe ar ais cinntigh, le do thoil, sonraí na n-áitritheoirí GO LÉIR agus na doiciméid ábhartha seo a leanas:
– Más fostaíocht lánaimseartha/páirtaimseartha atá i gceist tabhair na 3 dhuillín pá as a
chéile is déanaí do gach ball den teaghlach atá i bhfostaíocht.
– Más Féinfhostaíocht atá i gceist cuir isteach an Fógra Measúnaithe Cánach is déanaí ó na
Coimisinéirí Ioncaim.
– Le haghaidh daoine atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn atá fós in oideachas lánaimseartha cuir isteach cruthúnas ón scoil nó ón gcoláiste.
– Áititheoir Bogtha Isteach – tabhair an dáta áitíochta agus an seoladh roimhe seo.
– Áititheoir Bogtha Amach – tabhair an dáta fágála agus cruthúnas ar sheoladh nua.

Seol ar ais, le do thoil, an fhoirm comhlánaithe go hiomlán mar aon leis na cruthúnais ioncaim ábhartha faoin Luan 12 Meitheamh 2023 chuig an Deasc Seirbhíse do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Sráid Nua Bailey, Port Láirge X91 XH42, nó Oifigí Cathartha, Cé Davitts, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge X35 Y326. Nó is féidir foirmeacha comhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a scanadh agus a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist thíos.

Ceisteanna: rentreview@waterfordcouncil.ie | 051 849923

Scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge a fhógairt go mbeidh Scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do dhaltaí meánscoile ó Phort Láirge.

Más mian leat freastal ar chúrsa coicíse i gColáiste na Rinne, i gceartlár na Gaeltachta an samhraidh seo, is féidir foirmeacha iarratais a fháil ó Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.

Chun a thuilleadh eolais faoi na Scoláireachtaí Gaeltachta a fháil, déan teagmháil le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge ar 058 22001 nó r-phost: msbreathnach@waterfordcouncil.ie.

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná an Aoine, 28 Aibreán.

Waterford City & County Council and the Dún Garbhán le Gaeilge Committee are delighted to announce Gaeltacht Scholarships for second level students from Waterford.

If you’d like to attend a two-week course at Coláiste na Rinne, in the heart of the Gaeltacht this summer, application forms are available from Waterford City and County Council.

To find out more about the Gaeltacht Scholarships call Máire Seó Breathnach, Irish Officer on 058 22001 or e-mail: msbreathnach@waterfordcouncil.ie.

Closing date for applications is Friday, April 28th.