Skip to content

Comhairliúchán Poiblí 1 : Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán

Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann agus Comhairle Contae Chorcaí, cuireadh dóibh siúd a chónaíonn, a oibríonn nó a thugann cuairt ar an limistéar staidéir idir Eochaill agus Dún Garbhán agus aon pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh sa chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil do Bhealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán bealach rothaíochta sábháilte, nasctha agus tarraingteach a chur ar fáil idir Eochaill agus Dún Garbhán, agus é mar chuid de nasc straitéiseach sa Líonra Náisiúnta Rothaíochta (NCN). Tá an tionscadal mar chuid den ‘Tionscadal maidir le Treo-Aimsitheoir Corcaigh go Port Láirge’ atá aitheanta ag an Roinn Iompair chun tacú le Beartas Soghluaisteachta Inbhuanaithe Rialtas na hÉireann. Cuirfidh an tionscadal ar chumas úsáideoirí rothaíocht go sábháilte chun críocha áineasa, fóillíochta agus comaitéireachta idir an dá bhaile agus tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar inrochtaineacht ar sheirbhísí, ar áiseanna agus ar nithe is díol spéise, amhail Slí Dhéagláin, feadh an bhealaigh.

Tá an tionscadal i gCéim 2 faoi láthair: Roghnú Roghanna, lena mbaineann conairí bealaí féideartha laistigh de réimse an staidéir a shainaithint agus a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha bealaigh is fearr.

Iarrtar ort teacht chuig ár n-imeachtaí comhairliúcháin phoiblí chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal agus chun do thuairimí agus d’aiseolas faoin scéim a roinnt linn.

Beidh dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí ar an láthair ar siúl mar seo a leanas:

  1. Dé Máirt, 20 Feabhra 2024: 14:30-20:00
    Óstán na Páirce, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, X35 CC97
  2. Dé Céadaoin, an 21 Feabhra 2024: 14:30-20:00
    Ionad Ealaíon an Mheal, Teach an Mheal, Eochaill, Co. Chorcaí, P36 FR96

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí ar líne freisin trí fhéachaint ar fhaisnéis an tionscadail agus tríd an bhfoirm aiseolais ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an tionscadail a líonadh isteach ag: y2dcycleroute.ie ón 20ú Feabhra.

Beidh eolas faoin tionscadal agus foirmeacha aiseolais ar fáil freisin ag Oifigí Cathartha Dhún Garbhán, Leabharlann Dhún Garbhán agus Leabharlann Eochaille ón 20 Feabhra. Beidh an comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar oscailt le haghaidh tuairimí ón Máirt 20 Feabhra go dtí Dé Máirt 5 Márta.

Mura féidir leat freastal ar cheann dár n-imeachtaí i bpearsain agus mura bhfuil tú in ann teacht ar an suíomh gréasáin, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le foireann an tionscadail ar an teileafón ar 0818 10 20 10 agus a chur in iúl go mbaineann do ghlao le Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán, trí ríomhphost a sheoladh chuig ActiveTravel@waterfordcouncil.ie nó tríd an bpost chuig Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, An Rannóg um Thaisteal Gníomhach, Rannóg na mBóithre, Oifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.

GLACFAR SAOR IN AISCE LE CRAINN NOLLAG NÁDÚRTHA I GCOMHAIR ATHCHÚRSÁLA AG NA HIONAID FHÓNTAS POIBLÍ GO DTÍ AN 13 EANÁIR 2024

  • Cill Bharra

Luan – Aoine   11.00r.n. – 4.00i.n.

 

  • Dún Garbhán

Luan – Déardoin 8.30r.n.- 1.00i.n. & 1.30i.n.- 4.00i.n.

Satharn 9.00r.n. – 12.30i.n.

 

Déan athchúrsáil ar do chadhnraí le do thoil. Úsáid na boscaí bailiúcháin chadhnra i do theach, i do scoil, san ionad oibre, i do shiopa áitiúil agus ag d’ionad fóntas poiblí áitiúil.

Fógra Maidir le Buiséad an Údaráis Áitiúil

Tugtar fógra leis seo gur ullmhaíodh Buiséad Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge don Bhliain Airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2024 agus go mbreithneoidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge é ag an gCruinniú Buiséid
a thionólfar ar 2.00 i.n. Dé Máirt 28 Samhain 2023 i Halla na Cathrach, An Meal, Port Láirge.

Is féidir le duine ar bith den phobal cóip den mbuiséad a iniúchadh saor in aisce ag Deasca Seirbhísí Custaiméirí, Sráid Nua Bailey, Port Láirge agus Cé Dháibhéid, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge fad is atá na hoifigí ar oscailt chun gnó oifigiúil a dhéanamh.

Cuirfear cóip de Bhuiséad na gCostas ar fáil d’aon duine a dhéanann iarratas ar phraghas €5

Michael Walsh
Príomhfheidhmeannach,
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

Moladh chun bóithre atá ag freastal ar fhorbairt ag Fáinne Na Farraige a fhógairt mar Bhóithre Poiblí

Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 11 Fo-alt (1)(b)(iii) d’Acht na mBóithre 1993 go bhfuil sé beartaithe agComhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge na bóithre thíosluaite a chlárú mar Bhóithre Poiblí.

  • Bóithre a fhreastalaíonn ar fhorbairt ag Fáinne Na Farraige, An Rinn

Tá an líníocht a thaispeánann na bóithre atá le glacadh i gcúram ar fáil lena iniúchadh thíos, nó is féidir féachaint ar chóipeanna inár Ranna Seirbhísí do Chustaiméirí i gCé Dáibhéid, Dún Garbhán nó ar Shráid Nua Bailey ar feadh tréimhse míosa suas go dtí an 13 Nollaig, 2023 agus an lá sin san áireamh.

Léarscáil (Cliceáil le haghaidh leagan níos mó)

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an togra chun na bóithre a chlárú mar Bhóithre Poiblí a dhéanamh i scríbhinn suas go dtí an 27ú Nollaig, 2023. Cuir ainm na forbartha i líne ábhair nahaighneachta, le do thoil.

Sa Post: Aideen Jacob, Oifigeach Riaracháin, Rannóg na mBóithre, Áras Menapia, An Meal, Port Láirge.
Trí Ríomhphost: submissionsroads@waterfordcouncil.ie

Cuir ‘Glacadh i gCúram – Fáinne na Farraige, An Rinn’ i líne an ábhair le do thoil.

Athbhreithniú Cíosa 2023

Tá Athbhreithniú Cíosa á dhéanamh do gach Tionónta Tithíochta Sóisialta. Chun a chinntiú go bhfuil sonraí cearta agus suas chun dáta againn le haghaidh gach teaghlach, iarrtar ar Thionóntaí an Fhoirm Athbhreithnithe Cíosa a chomhlánú maidir lena gcomhdhéanamh teaghlaigh agus sonraí ioncaim. Eiseofar foirmeacha Athbhreithnithe Cíosa go díreach chuig na Tionóntaí go léir go luath.

Is ar na Tionóntaí atá an fhreagracht, faoin gComhaontú Tionóntachta, a chinntiú go gcuireann siad na sonraí cearta faoi bhráid na Comhairle ar mhaithe le ríomh cíosa. Mura gcuirtear ar ais an fhoirm chomhlánaithe go hiomlán leis na cruthúnais ábhartha ar ioncam d’fhéadfadh go gcuirfí Pionós Cíosa ar an gcuntas cíosa.

Sula seolfaidh tú an fhoirm chomhlánaithe ar ais cinntigh, le do thoil, sonraí na n-áitritheoirí GO LÉIR agus na doiciméid ábhartha seo a leanas:
– Más fostaíocht lánaimseartha/páirtaimseartha atá i gceist tabhair na 3 dhuillín pá as a
chéile is déanaí do gach ball den teaghlach atá i bhfostaíocht.
– Más Féinfhostaíocht atá i gceist cuir isteach an Fógra Measúnaithe Cánach is déanaí ó na
Coimisinéirí Ioncaim.
– Le haghaidh daoine atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn atá fós in oideachas lánaimseartha cuir isteach cruthúnas ón scoil nó ón gcoláiste.
– Áititheoir Bogtha Isteach – tabhair an dáta áitíochta agus an seoladh roimhe seo.
– Áititheoir Bogtha Amach – tabhair an dáta fágála agus cruthúnas ar sheoladh nua.

Seol ar ais, le do thoil, an fhoirm comhlánaithe go hiomlán mar aon leis na cruthúnais ioncaim ábhartha faoin Luan 12 Meitheamh 2023 chuig an Deasc Seirbhíse do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Sráid Nua Bailey, Port Láirge X91 XH42, nó Oifigí Cathartha, Cé Davitts, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge X35 Y326. Nó is féidir foirmeacha comhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a scanadh agus a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist thíos.

Ceisteanna: rentreview@waterfordcouncil.ie | 051 849923

Scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge a fhógairt go mbeidh Scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do dhaltaí meánscoile ó Phort Láirge.

Más mian leat freastal ar chúrsa coicíse i gColáiste na Rinne, i gceartlár na Gaeltachta an samhraidh seo, is féidir foirmeacha iarratais a fháil ó Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.

Chun a thuilleadh eolais faoi na Scoláireachtaí Gaeltachta a fháil, déan teagmháil le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge ar 058 22001 nó r-phost: msbreathnach@waterfordcouncil.ie.

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná an Aoine, 28 Aibreán.


Waterford City & County Council and the Dún Garbhán le Gaeilge Committee are delighted to announce Gaeltacht Scholarships for second level students from Waterford.

If you’d like to attend a two-week course at Coláiste na Rinne, in the heart of the Gaeltacht this summer, application forms are available from Waterford City and County Council.

To find out more about the Gaeltacht Scholarships call Máire Seó Breathnach, Irish Officer on 058 22001 or e-mail: msbreathnach@waterfordcouncil.ie.

Closing date for applications is Friday, April 28th.

 

Scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil


Tá áthas ar Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge a fhógairt go mbeidh Scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do dhaltaí meánscoile ó Phort Láirge.

Más mian leat freastal ar chúrsa coicíse i gColáiste na Rinne, i gceartlár na Gaeltachta an samhraidh seo, is féidir foirmeacha iarratais a fháil ó Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.

Chun a thuilleadh eolais faoi na Scoláireachtaí Gaeltachta a fháil, déan teagmháil le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge ar 058 22001 nó r-phost: msbreathnach@waterfordcouncil.ie.

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná an Aoine, 28 Aibreán.


Waterford City & County Council and the Dún Garbhán le Gaeilge Committee are delighted to announce Gaeltacht Scholarships for second level students from Waterford.

If you’d like to attend a two-week course at Coláiste na Rinne, in the heart of the Gaeltacht this summer, application forms are available from Waterford City and County Council.

To find out more about the Gaeltacht Scholarships call Máire Seó Breathnach, Irish Officer on 058 22001 or e-mail: msbreathnach@waterfordcouncil.ie.

Closing date for applications is Friday, April 28th.

 

Scéim Deontas Pobail Dheich mBliana na gCuimhneachán

Scéim Deontas Pobail
Tá Scéim Deontas Pobail Dheich mBliana na gCuimhneachán oscailte i gcomhair hiarratais.

Sé an Luan, 17 Aibreáin ag 4.00i.n. an dáta deiridh i gcomhair iarratais.

Clár Deich mBliana na gCuimhneachán Phort Láirge 2023
Lean 1923 de bheith ina am suaite i bPort Láirge nuair a chuaigh oibrithe feirme amach ar stailc agus bhí ceardchumainn ar fud na cathrach agus an chontae ar stailc agus iad ag troid ar son pá agus coinníollacha níos fearr sa Saorstát nua. Bhí iarrachtaí á ndéanamh chun an geilleagar agus an bonneagar a atógáil agus a chur i bhfeidhm. Reáchtáladh olltoghchán i mí Lúnasa 1923 agus bhí na chéad chéimeanna á nglacadh chun náisiún nua a chruthú trí bhallraíocht i gConradh na Náisiún.

Ba thráth athraithe é seo le go leor chun iniúchadh a dhéanamh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tá clár scannán, foilseachán agus tionscadal pobail ag Coiste Cuimhneacháin Phort Láirge chun tacú le mioniniúchadh a dhéanamh ar imeachtaí Dheich mBliana na gCuimhneachán i bPort Láirge.

Scéim Deontas Pobail Dheich mBliana na gCuimhneachán

Scéim Deontas Pobail
Tá Scéim Deontas Pobail Dheich mBliana na gCuimhneachán oscailte i gcomhair hiarratais.

Sé an Luan, 17 Aibreáin ag 4.00i.n. an dáta deiridh i gcomhair iarratais.

Clár Deich mBliana na gCuimhneachán Phort Láirge 2023
Lean 1923 de bheith ina am suaite i bPort Láirge nuair a chuaigh oibrithe feirme amach ar stailc agus bhí ceardchumainn ar fud na cathrach agus an chontae ar stailc agus iad ag troid ar son pá agus coinníollacha níos fearr sa Saorstát nua. Bhí iarrachtaí á ndéanamh chun an geilleagar agus an bonneagar a atógáil agus a chur i bhfeidhm. Reáchtáladh olltoghchán i mí Lúnasa 1923 agus bhí na chéad chéimeanna á nglacadh chun náisiún nua a chruthú trí bhallraíocht i gConradh na Náisiún.

Ba thráth athraithe é seo le go leor chun iniúchadh a dhéanamh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tá clár scannán, foilseachán agus tionscadal pobail ag Coiste Cuimhneacháin Phort Láirge chun tacú le mioniniúchadh a dhéanamh ar imeachtaí Dheich mBliana na gCuimhneachán i bPort Láirge.

Tagann draíocht na Oscars go dtí an scáileán mór i nDún Garbhán

Mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge, reáchtáil Oifig Gaeilge Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, i gcomhar le Dún Garbhán le Gaeilge, taispeántas speisialta de ‘An Cailín Ciúin’ i bPictiúrlann SGC Dhún Garbhán ar an Déardaoin, 9 Márta. 2

Cuireadh tús le taispeáint an chéad scannáin Ghaeilge a ainmníodh do Oscar don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr le fáiltiú deochanna d’aíonna ar tugadh cuireadh dóibh, ina measc siúd daoine le naisc leis na Déise acu a raibh ról acu sa scannán. Bhí bailiúchán buicéad ann chomh maith do charthanacht áitiúil, RNLI Cheann Heilbhic agus Dún Garbhán.

I measc na n-aíonna speisialta ar an oíche bhí Neans Nic Dhonncha agus Elaine O’Hara. Iníon í Neans le Sorcha Ní Chéilleachair agus gariníon í le Tomás Ó Chéilleachair agus Ann Mulqueen ón Rinn. Bhí páirt Ghráinne aici sa scannán, agus bhí páirt Áine sa scannán ag Elaine, atá pósta ar Chian Ó Conchúir ón Rinn.

Labhair An Comhairleoir John O’Leary, Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, leis an lucht féachana i nGaeilge agus i mBéarla ag rá, “Is mór an onóir dom a bheith anseo tráthnóna inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar an rath iontach atá ar An Cailín Ciúin. Mar an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh d’Oscar, chuaigh an scannán seo go mór i gcion ar chroíthe agus ar aigní lucht féachana ar fud an domhain.

“Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an scéal suite inár nGaeltacht féin anseo i gContae Phort Láirge agus gurb í duine de phríomh-aisteoirí an scannáin ná Carrie Crowley ó Phort Láirge, tá sé do-chreidte. Beidh Port Láirge i lár an aonaigh ag na Oscars — nach iontach an scéal é!

“Cuireann rath An Cailín Ciúin ar ár gcumas ceiliúradh a dhéanamh ar an tallann iontach i dtionscal na scannán agus na teilifíse Gaeilge. Tá sé seo aitheanta againn le fada an lá sa chuid seo de Chontae Phort Láirge, le rath ar an gcomhlacht léiriúcháin fadbhunaithe, Nemeton TV sa Rinn, chomh maith lena leithéidí Foley Films/An Corsaiceach agus Red Shoe Productions, comhlachtaí áitiúla a bhfuil cláir spóirt, ceoil, fíriciúla agus faisnéise den scoth curtha ar fáil acu do TG4 agus do chainéil teilifíse eile sa bhaile agus thar lear.

“In ainneoin a sceideal trom roimh Oíche na Oscars, sheol Carrie Crowley teachtaireacht álainn físeáin chuig an lucht féachana agus dúirt sé “Tá an-áthas orm go bhfuil sibh ar fad i nDún Garbhán anocht chun An Cailín Ciúin a fheiceáil. Tá an scannán seo ar cheann de na rudaí is taitneamhaí a rinne mé riamh i mo shaol. Is seod beag álainn é An Cailín Ciúin dúinne ar fad a d’oibrigh air mar chriú, mar aisteoirí, mar stiúrthóirí agus mar léiritheoirí agus mar scríbhneoirí.

“Bhí sé chomh speisialta sin; an script sin, an scéal agus an rud is tábhachtaí… an cailín a fuaireamar, Catherine Clinch, a ghlac páirt Cáit sa scannán…bhí sí díreach foirfe.”

Thaithin an scannán go mór leis an lucht féachana agus tar éis an taispeántais, reachtáil Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge seisiún cheisteanna agus freagraí le Neans Nic Dhonncha agus Elaine O’Hara.

I ndiaidh na hócáide dúirt Máire Seó, “Táimid thar a bheith sásta maidir le conas mar a thaitin an scannán leis an lucht féachana, chomh maith leis an teachtaireacht ó Carrie agus an léargas ón mbeirt aisteoir a bhí mar chuid d’eispéireas iomlán An Cailín Ciúin. Tá mé chomh buíoch go raibh siad in ann a bheith linn anocht.

“Mar Oifigigh Ghaeilge in Údaráis Áitiúla, is é an ról atá againn úsáid ár dteanga dhúchais a chur chun cinn agus a éascú. Léiríonn scannáin Ghaeilge ar nós An Cailín Ciúin agus Róise & Frank, a deineadh a scannánú i nGaeltacht na nDéise, an Ghaeilge mar theanga bheo agus bheoga, agus tá áthas an domhain orm gur féidir linn é seo a cheiliúradh anocht mar chuid dár gclár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Buíochas le gach duine a bhí páirteach in ócáid na hoíche anocht.

“Guímid gach rath ar An Cailín Ciúin ag na Oscars an tseachtain seo chugainn — go n-éirí leo!”

-críoch-