Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana le go leor imeachtaí á n-eagrú ar líne, de bharr na paindéime.
Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag obair i gcomhar le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí a chur le chéile agus beidh fáilte roimh dhaoine ó aon áit ar domhan ceangail isteach chun an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh le muintir na nDéise.
Seirbhísí Leabharlainne Phort Láirge
Beidh go leor imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce.
Beidh Crosfhocal Gaeilge do Pháistí á roinnt ar shuíomh idirlíon na leabharlainne www.waterfordlibraries.ie agus ar mheáin shóisialta na Leabharlanna le linn Sheachtain na Gaeilge ar fad (1-17 Márta).
Scéalaíocht & Filíocht do Pháistí – tá clár leathan scéalaíochta as Gaeilge á cur ar fáil i mbliana trí leathanach Facebook na Leabharlanna (@WaterfordLibraries). Foilseofar roinnt físeáin le foireann na leabharlainne féin ag léamh leabhair ón réimse leathan leabhair iontacha Gaeilge atá ar fáil do pháistí. Chomh maith leis sin, beidh Jacqui de Paor ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge i mbun scéalaíochta agus amhránaíochta do pháistí réamhscolaíochta (0-3 bhliain).
Scéalaíocht do Dhaoine Fásta – Tá áthas ar an tSeirbhís Leabharlainne a fhógairt go mbeidh an seanchaí Niall de Búrca linn arís i mbliana do sheisiún scéalaíochta ar líne ar an Luan, 15 Márta ar a 11.00r.n. ar leathanach Facebook Leabharlanna Phort Láirge. Tá scéalta draíochtúla Niall oiriúnach go gach aois agus beidh fáilte roimh gach duine ceangail isteach chun éisteacht leis. Chomh maith leis sin, beidh Léamh Filíochta leis an bhfile agus ealaíontóir Róisín Sheehy á chraoladh ar an Aoine, 12 Márta ar a 3.00i.n. Tabharfaidh bean óg ildánach áitiúil, Tiger Lily Keoghan caint an-suimiúil dar teideal “Oiléan Go Oiléan: An Nasc Binn Idir Talamh An Éisc agus Éire” ar an gCéadaoin, 3 Márta ar a 11.00r.n.
Is féidir an t-eolas maidir le dátaí agus amanta na n-imeachtaí seo ar fad a fháil ar www.waterfordlibraries.ie agus ar leathanach Facebook WaterfordLibraries.
Comórtas Scéalaíochta Lá Fhéile Pádraig – chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig ana-dhifriúil i mbliana ba bhreá le Leabharlanna Phort Láirge do shamhlaíocht a ghríosadh trí chomórtas gearrscéalta a reáchtáil. Táimid ag cur glaoch ar leanaí ó 6 – 18 mbliana d’aois scéal a scríobh ag tosú leis an line “Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an méid a tharla ar Lá Fhéile Pádraig…”. Foilseofar iontrálacha na mbuaiteoirí sna nuachtáin áitiúla agus beidh siad craolta ar WLR FM. Is féidir sonraí iomlána an chomórtais a fháil ag www.waterfordlibraries.ie agus caithfear gach iontráil a sheoladh ar ríomhphost chuig library@waterfordcouncil.ie roimh 5.00 i.n. ar 9 Márta 2021.
Ciorcail Chomhrá/IMEACHTAÍ DO DHAOINE FÁSTA
Ciorcal na gCiorcal – Beidh seans ag Ciorcail Chomhrá na nDéise teacht le chéile le grúpaí eile don ócáid “Ciorcal na gCiorcal”, atá á n-eagrú ag Glór na nGael i gcomhar le Gael-taca Chorcaí ar an Máirt, 2 Márta. Más suim leat a bheith páirteach, is gá clárú le Cabríní de Barra ó Ghlór na nGael ag cabrini@glornangael.ie roimh ré.
Seal le Seanchaí – Más spéis leat scéalaíocht agus éisteacht le seanchaithe, beidh fáilte romhat a bheith linn do Seal le Seanchaí, a bheidh ar siúl ar an Aoine, 12 Márta ar fhíschomhdháil Zoom. Tá an ócáid seo á n-eagrú ag Glór na nGael, i gcomhar le hOifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge agus beidh caint, craic agus comhluadar iontach ann ar an oíche! Is gá clárú roimh ré le Cabríní de Barra ó Ghlór na nGael ag cabrini@glornangael.ie
Tráth na gCeist Dátheangach – beidh an gnáth-Thráth na gCeist, a bhíodh ar siúl d’fhoireann na Comhairle, á cur ar fáil ar líne i mbliana ar an Luan, 15 Márta agus fáilte roimh Chiorcail Chomhrá na nDéise a bheith páirteach chomh maith. Is gá clárú roimh ré leis an Oifigeach Gaeilge, Máire Seó Breathnach ar msbreathnach@waterfordcouncil.ie
Bígí ag faire amach chomh maith do Scríbhneoir an Lae – Dámh Dhéiseach ar leathanaigh Facebook Oifigeach Gaeilge Phort Láirge agus Waterford County Archivist gach lá le linn Seachtain na Gaeilge. Tabharfar blaiseadh d’oidhreacht shaibhir scríbhneoireachta na nDéise, mar atá sé ar fáil ar an suíomh Dámh Dhéiseach, Scríbhneoirí na nDéise ar shuíomh idirlíon Chomhairle Phort Láirge.
IMEACHTAÍ DO DHÉAGÓIRÍ
Féile Ealaíon Péacóg – Beidh Mic Oscailte agus Comhrá le hAoichainteoir á n-eagrú ag Coiste Péacóg ar an Aoine, 12 Márta. Féile ealaíne is ea é seo dírithe ar dhéagóirí agus daoine óga agus tá áthas orainn go bhfuil an ócáid seo á reáchtáil acu do Sheachtain na Gaeilge. An t-eolas ar fad ar fáil ar mheáin shóisialta Péacóg.
GAELTACHT NA nDÉISE
Beidh an tOifigeach Pleanála Teanga agus an tÁisitheoir Teaghlaigh & Óige de chuid Chomhlucht Forbartha na nDéise ag eagrú imeachtaí do pháistí na Gaeltachta le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Beidh Comórtas Seanfhocail, Oíche Scéalaíochta do Pháistí agus Céilliúradh Lá ‘le Pádraig #Déise ar siúl agus is féidir an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí seo a fháil ón Áisitheoir Teaghlaigh & Óige, Éimhín Ní Chonchúir ag otodeise@gmail.com agus ar mheáin shóisialta #@Gaeltacht na nDéise.
Gabhaimid buíochas le gach duine sna seirbhísí agus eagraíochtaí éagsúla as ucht a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta chun an clár imeachtaí cuimsitheach seo a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!
-críoch-
Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge (087) 7434123