Skip to content

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana le go leor imeachtaí á n-eagrú ar fud na cathrach agus an chontae. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag obair i gcomhar le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí a chur le chéile chun an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh.

Gael-Igbo – beidh ócáid idir-chultúrtha ar siúl in Ionad Naomh Pádraig i gCathair Phort Láirge ar an Satharn beag seo, 4 Márta ar a 4.00i.n., nuair a bheidh deis ag lucht labhartha na Gaeilge agus Pobal Igbo Chathair Phort Láirge teacht le chéile chun blais dá gcultúr a roinnt. Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách chuig an ócáid speisialta seo. Mar sin, má tá fonn ort do chúpla focal a labhairt le muintir Igbo, buail isteach go dtí Ionad Naomh Pádraig ar Shráid Phádraig.

Lón na Gaeilge – beidh Lón na Gaeilge d’fhoireann na Comhairle agus don bpobal i gcoitinne ar siúl in Óstán Granville sa Chathair ar an gCéadaoin, 8 Márta. Má tú suim agat buaileadh isteach chun craic agus comhrá a bheith agat i measc chomhluadair Ghaelach, is gá clárú roimh ré le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie

An Cailín Ciúin – tá Oifig na Gaeilge agus Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge ag eagrú léiriú speisialta den scannán An Cailín Ciúin sa phictiúrlann i nDún Garbhán ar an Déardaoin, 9 Márta, mar cheiliúradh ar a ainmniúcháin dos na Oscars agus an éacht atá bainte amach ag an scannán Gaeilge seo.

Tráth na gCeist Dátheangach – eagróidh Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge Tráth na gCeist dátheangach sa Cove Bar ar Bhóthar Dhún Mór sa Chathair ar an Máirt, 14 Márta ar a 8.00i.n. agus é oscailte don phobal i gcoitinne. Tá áthas orainn a bheith ar ais ‘beo’ i bpearsain agus beidh go leor spot-duaiseanna, ceol agus craic ar an oíche – beidh fáilte romhat. Is gá clárú roimh ré le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie

Booley House sa Chathair – beidh an grúpa Booley House ón mBaile Dubh ar stáitse in amharclann Garter Lane ar an Satharn, 18 Márta ar a 8.00i.n. Taispeántas iontach de rince, ceol, amhránaíocht agus seanachas a bheidh ann. Ócáid saor in aisce is ea é seo, ach is gá do thicéad a chur in áirithe roimh ré trí shuíomh idirlíon www.garterlane.ie

Féile Lá Fhéile Pádraig – beidh ócáid Open Mic “The Spoken Word/An Focal Labhartha” ar siúl ar Shráid na mBioránach ar an Satharn, 18 Márta óna 1.00-4.00i.n.. Beidh léamh filíochta agus próis i nGaeilge agus i mBéarla ó réimse daoine éagsúla. Mar sin, bígí i lár an aonaigh linn ag an ócáid seo, atá á n-eagrú mar chuid d’Fhéile Lá ‘le Pádraig Phort Láirge.

SEIRBHÍSÍ LEABHARLAINNE PHORT LÁIRGE
Beidh roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce.

Beidh an seanchaí Neil de Búrca i láthair i Leabharlanna Thrá Mhór agus Ard Chaoin ar an Máirt, 21 Márta agus é i mbun scéalaíochta do pháistí os na scoileanna áitiúla. Tá stíl faoi leith ag Neil agus cuirfidh sé na páistí faoi dhraíocht lena scéalta agus seanachas.

Chomh maith leis sin, beidh Bingó as Gaeilge á n-eagrú i Leabharlann Ard Chaoin agus Phort Lách agus leanfar ar aghaidh leis an gCiorcal Comhrá seachtainiúil i Leabharlann an Trá Móire gach oíche Dhéardaoin. Is féidir na sonraí a fháil ó do Leabharlann áitiúil.

Tá stoc mór de leabhair Ghaeilge ag Leabharlanna Phort Láirge agus beidh na leabhair seo ar thaispeáint sna leabharlanna éagsúla le linn Seachtain na Gaeilge agus iachall faoi leith á cur ar dhaoine, idir óg agus aosta, leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir an t-eolas ar fad a fháil ar www.waterfordlibraries.ie agus ar leathanach Facebook @WaterfordLibraries.

Gabhaimid buíochas le gach duine sna seirbhísí agus eagraíochtaí éagsúla as ucht a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta chun an clár imeachtaí seo a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

-críoch-

Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge (087) 7434123

Subscribe
Notify of
0 Comments
Oldest
Newest Most Voted
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x