CAD AS DUIT? Logainmneacha na nDéise
Cén madra a chuaigh trí Bhearna an Mhadra agus cé a chrochadh ag Cloch an Oidhre?
Má tá suim agat i gceisteanna mar seo, bígí linn ag an ócáid “Cad as Duit? Placenames of the Déise” i Leabharlann Dhún Garbhán, Co. Phort Láirge ar an Déardaoin, 22 Lúnasa ar a 6.30i.n., eagraithe ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.
Tabharfar cuireadh duit buail isteach go dtí Leabharlann Dhún Garbhán aon am idir 6.30i.n. agus 7.30i.n. i gcomhair bhlaiseadh d’oidhreacht logainmneacha Phort Láirge trí amhráintí, dhánta agus chainteanna gairide. I measc na míreanna ar an gclár neamhfhoirmeálta, tá cainteanna ar Rúin na Logainmneacha, Logainmneacha Ghailtír, Logainmneacha Shléibhte & Chósta Phort Láirge agus eolas ar obair Choiste Logainmneacha Phort Láirge agus ar conas tochailt ar líne do léarscáileanna, taifid agus foinsí eile luachmhara logainmneacha.
Sé príomh-mhír chlár na hoíche ná an chéad léiriú poiblí de Ceol na gCloch, dán nua-scríofa ar Logainmneacha na nDéise (coimisiúnaithe le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge) ón bhfile ón Rinn, Catherine Foley, maraon le físeán tionlacain léirithe aici féin agus a deirfiúr RoseAnn. Chomh maith leis sin, beidh seans ag daoine éisteacht le hamhráintí áitiúla a léiríonn logainmneacha áirithe os na Déise.
Tá an ócáid Seachtain Oidhreachta seo á n-eagrú ag Coiste Logainmeacha Chomhairle Phort Láirge le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge.
Ócáid dátheangach saor in aisce. Beidh sólaistí ar fáil. Ní gá áirithint a dhéanamh.
Déan teagmháil le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag msbreathnach@waterfordcouncil.ie le haon fhiosrúcháin.
-críoch-