Skip to content

Ciste chun tacú le Pobail Phort Láirge 2023

Tá Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge tiomanta le pobail a spreagadh agus a chumasú chun difríocht a dhéanamh ina gceantair/bpobail féin. Ar mhaithe leis seo, tá iarratais á lorg ag an gComhairle anois don gCiste chun tacú le Pobail Phort Láirge 2023.

Tugann an Ciste chun tacú le Pobail deontas i gcabhair do Chumainn Áitritheoirí, do Ghrúpaí Pobail, do Chlubanna Spórt agus do ghrúpaí/choistí eile atá gníomhach ag leibhéal an phobail, ag cur sheirbhísí pobal ar fáil nó ag déanamh oibreacha feabhsúcháin go háitiúil nó ag leibhéal an chontae. Is féidir le grúpaí iarratas a dhéanamh faoi cheann amháin den trí shnáithe seo a leanas:
1. Ciste do Chumann Áitritheoirí
2. Ciste do Ghníomhaíocht Pobail
3. Ciste do Spórt & Chaitheamh Aimsire

Conas iarratas a dhéanamh
Caithfidh gach iarratasóir an fhoirm iarratais don gCiste chun tacú le Pobail Phort Láirge 2023 a líonadh isteach, agus is féidir í a íoslódáil ó shuíomh idirlíon Chomhairle Phort Láirge https://waterfordcouncil.ie/media/grants/index.htm

Mar mhalairt air sin, is féidir leat pacáiste iarratais a bhailiú os na poinntí um Seirbhísí do
Chustaiméirí de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge i gCathair Phort Láirge ag Sráid Nua Bailey nó ag na hOifigí Cathartha, Cé Daibhéid, Dún Garbhán, nó is féidir leat r-phost a chur chuig waterfordcommunitiesfund@waterfordcouncil.ie agus seolfar pacáiste iarratais amach chugat, ach é a lorg.

Nuair atá sé líonta isteach agat, cuir d’iarratas isteach, maraon leis na doiciméidí riachtanacha, trí r-phost chuig waterfordcommunitiesfund@waterfordcouncil.ie nó ar chóip chrua chuig:
Colette O’Brien, Ciste chun tacú le Pobail Phort Láirge 2023, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Sráid Nua Bailey, Port Láirge.

An dáta deiridh d’iarratais ná 4i.n. Dé hAoine, 24 Feabhra 2023.

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x