Skip to content

Clár Éire Ildánach Chontae Phort Láirge: Glao Oscailte

Is tionscnamh cúig bliana an Rialtais an Clár Éire Ildánach trína gcuirtear an chruthaitheacht ag croílár polasaí poiblí. Is clár é atá bunaithe ar chultúr agus a cuireadh in alt a chéile chun folláine an duine aonair, an phobail agus chúrsaí náisiúnta a chur chun cinn. Is í an aisling atá ann:

“go mbeidh de dheis ag gach duine a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn buaic a t(h)ualainge ó thaobh cultúir a shlánú go huile”

Tá iarratais á lorg anois faoin gClár Éire Ildánach ar thionscadal agus thionscnaimh a bheidh ar siúl in 2018. Is é €5,000 uasmhéid an deontais atá ar fáil do thionscadal faoi leith sa bhabhta seo de mhaoiniú. Díolfaidh Clár Éire Ildánach Chontae Phort Láirge as 75% de chostas ceadaithe an tionscadail agus díolfaidh na hiarratasóirí rathúla as 25%.

Ní  bheifear  i dteideal  iarratas a chur isteach ar son tionscadail nó tionscnaimh i gcás go bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh cheana féin trí aon sruth maoinithe eile dar foinse Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Leis seo tugtar cuireadh daoibh sibh féin a shamhlú mar chomh-chruthaitheoirí bhur gcuidse éachtaí cultúrtha agus cruthaitheacha féin agus eagar a chur ar phobal ar díol spéise dóibh iad.  Aidhm an Glao Oscailte seo is ea comhoibriú nua, uaillmhianach agus chiallmhar idir daoine agus pobail agus ealaíontóirí/seandálaithe/staraithe/cartlannaithe agus gach duine eile atá gafa le hearnáil an chultúir agus leis an earnáil chruthaitheach i gContae Phort Láirge a spreagadh.  Iarrtar ort an Fhoirm Iarratais a ghabhann leis seo a líonadh. Is é 17:00 pm an 22 Meitheamh 2018 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort féadfaidh tú dul i dteagmháil le creativewaterford@waterfordcouncil.ie

Subscribe
Notify of
0 Comments
Oldest
Newest Most Voted
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x