Skip to content

Comhairliúchán Poiblí 1 : Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán

Proposed Cycle Route

Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann agus Comhairle Contae Chorcaí, cuireadh dóibh siúd a chónaíonn, a oibríonn nó a thugann cuairt ar an limistéar staidéir idir Eochaill agus Dún Garbhán agus aon pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh sa chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil do Bhealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán bealach rothaíochta sábháilte, nasctha agus tarraingteach a chur ar fáil idir Eochaill agus Dún Garbhán, agus é mar chuid de nasc straitéiseach sa Líonra Náisiúnta Rothaíochta (NCN). Tá an tionscadal mar chuid den ‘Tionscadal maidir le Treo-Aimsitheoir Corcaigh go Port Láirge’ atá aitheanta ag an Roinn Iompair chun tacú le Beartas Soghluaisteachta Inbhuanaithe Rialtas na hÉireann. Cuirfidh an tionscadal ar chumas úsáideoirí rothaíocht go sábháilte chun críocha áineasa, fóillíochta agus comaitéireachta idir an dá bhaile agus tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar inrochtaineacht ar sheirbhísí, ar áiseanna agus ar nithe is díol spéise, amhail Slí Dhéagláin, feadh an bhealaigh.

Tá an tionscadal i gCéim 2 faoi láthair: Roghnú Roghanna, lena mbaineann conairí bealaí féideartha laistigh de réimse an staidéir a shainaithint agus a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha bealaigh is fearr.

Iarrtar ort teacht chuig ár n-imeachtaí comhairliúcháin phoiblí chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal agus chun do thuairimí agus d’aiseolas faoin scéim a roinnt linn.

Beidh dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí ar an láthair ar siúl mar seo a leanas:

  1. Dé Máirt, 20 Feabhra 2024: 14:30-20:00
    Óstán na Páirce, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, X35 CC97
  2. Dé Céadaoin, an 21 Feabhra 2024: 14:30-20:00
    Ionad Ealaíon an Mheal, Teach an Mheal, Eochaill, Co. Chorcaí, P36 FR96

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí ar líne freisin trí fhéachaint ar fhaisnéis an tionscadail agus tríd an bhfoirm aiseolais ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an tionscadail a líonadh isteach ag: y2dcycleroute.ie ón 20ú Feabhra.

Beidh eolas faoin tionscadal agus foirmeacha aiseolais ar fáil freisin ag Oifigí Cathartha Dhún Garbhán, Leabharlann Dhún Garbhán agus Leabharlann Eochaille ón 20 Feabhra. Beidh an comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar oscailt le haghaidh tuairimí ón Máirt 20 Feabhra go dtí Dé Máirt 5 Márta.

Mura féidir leat freastal ar cheann dár n-imeachtaí i bpearsain agus mura bhfuil tú in ann teacht ar an suíomh gréasáin, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le foireann an tionscadail ar an teileafón ar 0818 10 20 10 agus a chur in iúl go mbaineann do ghlao le Bealach Rothaíochta Eochaill go Dún Garbhán, trí ríomhphost a sheoladh chuig ActiveTravel@waterfordcouncil.ie nó tríd an bpost chuig Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, An Rannóg um Thaisteal Gníomhach, Rannóg na mBóithre, Oifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.

View All News