Deich mBliana na gCuimneachán Phort Láirge Scéim Deontas Pobail 2021
Cuireann Coiste Cuimhneachán Phort Láirge fáilte roimh iarratais do Scéim Deontas Pobail na gCuimhneachán 2021 do thionscadail a dhéanann comóradh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán i gCathair agus i gContae Phort Láirge.
Tá deontais de suas go dtí €3000 ar fáil do thionscadail a dhéanfaidh comóradh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán: Cogadh na Saoirse; corraíl oibrithe; athruithe sóisialta; saol cultúrtha Phort Láirge sna 1920daí; freagraí áitiúla ar Dháil Éireann; an sos cogaidh; críochdheighilt; ceangail áitiúla leis an domhain mór le linn na tréimhse seo; iondaíocht nua pholaitiúil ag an leibhéil áitiúil agus an Cogadh Cathartha.
Sé an dáta deiridh i gcomhair iarratais ná: 4 i.n. ar an Aoine, 5 Márta 2021
Foirm Iarratais ar fáil ar https://bit.ly/waterford100 nó déan teagmháil le Cartlannaí na Cathrach agus an Chontae, Joanne Rothwell archivist@waterfordcouncil.ie nó 0761102144 i gcomhair a thuilleadh eolais.
Tá an deontas seo mar chuid de thionscadail Dheich mBliana na gCuimhneachán atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Chun a thuilleadh eolais a fháil, mar aon le sonraí na n-imeachtaí agus na dtionscadal ar fud na tíre, féach ar www.decadeofcentenaries.com