Skip to content

Deontais Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge d’Fhéile & d’Imeachtaí don bhliain 2026

Cheadaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge leithdháileadh de €1,692,469 i maoiniú d’fhéilte agus d’imeachtaí chun cabhrú le forbairt agus cur chun cinn imeachtaí ar fud Chathair agus Chontae Phort Láirge sa bhliain 2026.

Is méadú beag í an fhigiúr seo ar an leithdháileadh de €1,671,107 a bhí ann sa bhliain 2025.

Tacóidh an leithdháileadh le 72 féile agus imeacht ar fud na cathrach agus an chontae, chomh maith le hoiliúint agus tacaíocht a thabhairt chun gur féidir le féilte áitiúla forbairt a dhéanamh.

Cuirfear tús le deich bhféile nua in 2026 lena n-áirítear, i measc féilte eile, Bloomsday i bPort Láirge, Cóisir na Nollag do Sheanóirí na Leasa Móire, Deireadh Seachtaine Tacaíochta Feasachta Meabhairshláinte Iarthar Phort Láirge agus Cluichí Domhanda an CLG.

D’fháiltigh Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, An Clr. Séamus Ryan roimh ghlacadh Bhuiséad na bhFéilte agus na nImeachtaí do 2026.

“Tabharfaidh an leithdháileadh seo seans d’fhéilte Phort Láirge a bhfuil an-mheas orthu agus atá bunaithe cheana féin leanúint leo ag cur siamsaíochta ar fáil, agus cuirfear borradh faoi fhéilte nua i bPort Láirge chun eispéiris ealaíonta nua a chur ar fáil agus chun dul i bhfeidhm ar lucht féachana nua.

“Tá traidisiún fada, bródúil ag Port Láirge maidir le féilte, ealaín agus cultúr agus cinntíonn an leithdháileadh seo gur féidir le healaíontóirí, daoine cruthaitheacha, ceoltóirí agus na daoine a chuireann cláir fhéilte le chéile leanúint le raon siamsaíochta de gach saghas a thabhairt chuig ionaid ar fud na cathrach agus an chontae, i rith na bliana.”

Is é príomhfhócas an mhaoinithe ná tacú le féilte áitiúla a chuireann tairbhí eacnamaíocha, turasóireachta, cultúrtha, ealaíonta nó pobail ar fáil do Phort Láirge agus iad a chur chun cinn. Ina theannta sin, tá maoiniú ar fáil chun oiliúint a chur ar fáil a chabhróidh le féilte agus le himeachtaí áitiúla fás agus forbairt a dhéanamh.

Dúirt Claire Hartley, Stiúrthóir Seirbhísí Gníomhach le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, “Bliain i ndiaidh bliana, tá fás tagtha ar chlár féilte Phort Láirge go dtí an méid atá á thairiscint anois ó cheann ceann na bliana. Ón bhféile Winterval is déanaí, a tharraing níos mó ná milliún cuairteoir go Port Láirge, agus ón bhféile iomráiteach idirnáisiúnta amharclannaíochta sráide, Spraoi, go dtí na féilte níos lú, bíonn níos mó ná 70 imeacht, a bhfuil spéis ag gach aois agus ag gach duine iontu, ar siúl ó cheann ceann na bliana.

“Tá áthas ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tacú leis an raon fairsing féilte agus imeachtaí fuinniúla, bríomhara a thugann an pobal le chéile, rud a chinntíonn go leanfaidh Port Láirge de bheith ina mhol siamsaíochta ilghnéitheach agus tarraingteach.”

I measc cuid de na féilte a dtabharfar tacaíocht dóibh in 2026 tá; Féile an Bhaile Dhuibh, Block Party, L’Étape Ireland, Immrama, Féile an Phasáiste, Daonscoil na Mumhan, Pride of the Déise, Scoil Samhraidh Robert Boyle, Féile Ceol Aireagail Phort Láirge agus Well Festival of Arts & Wellbeing.

Festival Grants

View All News