Skip to content

Dréacht Phlean Forbartha do Chathair agus do Chontae Phort Láirge 2022 – 2028


Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tar éis Dréacht Phlean Forbartha do Chathair agus do Chontae Phort Láirge 2022 – 2028 a ullmhú agus tá sé ar thaispeáint go poiblí anois go dtí an 30 Lúnasa 2021.

Iarrtar ort cuairt a thabhairt ar ár dtairseach https://consult.waterfordcouncil.ie, áit gur féidir leat an plean a fheiscint agus aighneacht a chur isteach.

Teastaíonn ón gComhairle a chinntiú go mbeidh comhpháirteachas poiblí mar chuid d’fhorbairt an Dréacht Phlean Forbartha, agus de bharr Covid-19, tá gá le slite nua a fháil chun cumarsáid iomlán a dhéanamh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara.

Chuige seo, reáchtáilfear roinnt seimineáir ghréasáin phoiblí; féach thíos i gcomhair am, dátaí agus téamaí na gcruinnithe poiblí, chomh maith le naisc chuig Eventbrite chun clárú do cheann amháin nó do gach ceann de na cruinnithe poiblí.

Is gá clárú dos na cruinnithe seo. Tabharfar cuireadh do dhaoine aonaracha, do ghrúpaí, d’eagraíochtaí nó d’ionadaithe aon ghné nó ceisteanna a thagann ó Dhréacht Phlean Chathair agus Chontae Phort Láirge 2022 – 2028 a phlé.

7:00 – 8:30i.n. – Dé Máirt 20 IúilFís Straitéiseach, Daonra, Tithíocht, Fostaíocht agus Oideachashttps://www.eventbrite.ie/e/163476280957
7:00 – 8:30i.n. – Dé Ceadaoin 21 IúilComhshaol, Oidhreacht, Caomhantas, Turasóireacht agus Taitneamhachtaíhttps://www.eventbrite.ie/e/163485253795
7:00 – 8:30i.n. – Déardaoin 22 IúilIompar, Athrú Aeráide, Infreastruchtúr agus Athbheochanhttps://www.eventbrite.ie/e/163485996015
7:00 – 8:30i.n. – Dé Máirt 27 IúilComhfhorbairt Áite Áitiúil – Limistéar Uirbeach Phort Láirgehttps://www.eventbrite.ie/e/163486419281
7:00 – 8:30i.n. – Dé Céadaoin 28 IúilComhfhorbairt Áite Áitiúil – Ceantar Bardasach an Chomaraighhttps://www.eventbrite.ie/e/163486952877
7:00 – 8:30i.n. – Déardaoin 29 IúilComhfhorbairt Áite Áitiúil – Ceantar Bardasach Dhún Garbhán/Na Leasa Móirehttps://www.eventbrite.ie/e/163488208633

 

Subscribe
Notify of
0 Comments
Oldest
Newest Most Voted
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x