Dúnadh Sealadach Bóthair, An R674, An Rinn
Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, ag feidhmiú de réir a gcumhachtaí de bhun Alt 75, Acht na mBóithre 1993, an bóthar poiblí seo a leanas a dhúnadh ón 25 Feabhra go dtí an 19 Aibreán 2019, chun gur féidir tabhairt faoi oibreacha ar Scéim Soláthair Uisce na Rinne-Heilbhic:
Bóthar atá le dúnadh:
- An R674, An Rinn óna acomhal leis an N25 ag Crosaire na Rinne go dtí a acomhal leis an L2036 ag An Léith, An Rinn.Bealach Eile:
- Beidh trácht ag dul ó thuaidh (sé sin ag teacht ón Rinn agus ón Sean Phobal) curtha ar mhalairt slí ar an L2036 An Léith, an L6131 Bóthar an tSeanachaí agus an N25.
- Beidh trácht ag dul ó dheas (sé sin ag teacht ó Dhún Garbhán) curtha ar mhalairt slí ar an N25; an L2036 An Léith; an L6131 Bóthar an tSeanachaí; an L6112 Bóthar an Fhaiche agus an L2026 Bóthar an tSeanphobail