Skip to content

Earcaíocht : Comhraiceoirí Dóiteáin ar áirithíocht

  • STÁISIÚN DÓITEÁIN PHORTLÁCH
  • STÁISIÚN DÓITEÁIN TRA MÓR
  • STÁISIÚN DÓITEÁIN DHÚN MÓR THOIR

Liúntas Coinnithe Bliantúil

  • 0-2 bhliain seirbhíse €8,696
  • 2-5 blianta seirbhíse €9,664
  • 5-10 blianta seirbhíse €10,834
  • 10 + €11,907

Íocaíocht bhreise as freastal ar Thinte agus Druileanna agus Liúntas Éadaí.

  • Ní mór do dhaoine cónaí agus, má tá siad fostaithe, oibriú laistigh de 3 km nó 5 nóiméad ag taisteal ón Stáisiún Dóiteáin a ligfidh dó / di freagairt laistigh den am tionóil arna shocrú ag an bPríomhoifigeach Dóiteáin.
  • Ní mór do dhaoine ceadúnas iomlán tiomána Aicme B neamhcheadaithe nó ceadúnas tiomána sealadach Aicme B a bheith acu.
  • Ní mór do dhaoine a bheith in ann cruthúnas scaoileadh ón ionad oibre a sholáthar chun freagra a thabhairt ar ghlaonna dóiteáin más gá.
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 18 agus faoi 55 bliain d’aois.
  • Féadfar iarrthóirí a chur ar ghearrliosta ar an eolas a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais.

Cuirfear iarratais ar fáil ar líne ag www.waterfordcouncil.ie áit ar féidir tuilleadh sonraí faoin ról a fháil freisin.

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná 4.00 pm Déardaoin, 23 Feabhra 2023.

IS FOSTÓIR COMHIONANNAS DEISEANNA Í
COMHAIRLE CATHRACH & CHONTAE PHORT LÁIRGE

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x