Fógra gur ritheadh rún chun Ráta an Cháin Mhaoine Áitiúil a athrú
De bhun fhorálacha alt 20 den ACHT AIRGEADAIS (CÁIN MHAOINE ÁITIÚIL) 2012 (arna leasú), cuirimse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, in iúl don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta gur ritheadh rún ag cruinniú den údarás áitiúil thuasluaite ar an 10 Deireadh Fómhair 2024 á rá gur cheart an bunráta cánach maoine áitiúla a athrú suas cúig faoin gcéad déag dos na blianta 2025, 2026, 2027, 2028 agus 2029 i leith maoine cónaithe ábhartha atá suite i limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.
Tá an t-athrú ar ráta an Cháin Mhaoine Áitiúil i bhfeidhm ar feadh tréimhse cúig bliana ón gcéad dáta dliteanais Cánach Maoine Áitiúla eile, agus ina dhiaidh sin filleann an ráta CMÁ ar ais go dtí an bunráta (bunráta) tosaigh, mura bhfuil cinneadh eile déanta ag an gComhairle, mar fheidhm fhorchoimeádta in 2029, chun an t-athrú a choinneáil nó chun athrú eile a chur i bhfeidhm.
Sínithe: Seán McKeown
Príomhfheidhmeannach