Skip to content

Fógra Maidir Le Buiséad an Údaráis Áitiúil

Tugtar fógra leis seo gur ullmhaíodh Buiséad Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge don Bhliain Airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2025 agus go mbreithneoidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge é ag an gCruinniú Buiséid a thionólfar ar 2.00 i.n. Dé Máirt 26 Samhain 2024 i Halla na Cathrach, An Meal, Port Láirge.

Is féidir le duine ar bith den phobal cóip den mbuiséad a iniúchadh saor in aisce ag Deasca Seirbhísí Custaiméirí, Sráid Nua Bailey, Port Láirge agus Cé Dháibhéid, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge fad is atá na hoifigí ar oscailt chun gnó oifigiúil a dhéanamh.

Cuirfear cóip de Bhuiséad na gCostas ar fáil d’aon duine a dhéanann iarratas ar phraghas €5.00.

View All News