Príomh-Fheidhmeannach - MICHAEL WALSH
R-phost: manager@waterfordcouncil.ie
Guthán: 0761 10 2914
Oifig: Halla na Cathrach, An Meall, Port Láirge
Tá cúlra innealtóireachta ag an bPríomh-Fheidhmeannach, a chéimnigh ó UCC i 1983 le céim san Innealtóireacht Shibhialta. Thosnaigh sé a ghairm sa Rialtas Áitiúil le Comhairle Contae Phort Láirge i 1983 agus d’oibrigh idir sin agus Comhairle Contae Luimnigh ar feadh roinnt blianta i bpostanna innealtóireachta éagsúla go stí 2000 nuair a ceapadh é mar Innealtóir Feidhmeannach Sinsearach i sean-Chomhairle Cathrach Phort Láirge.
As sin chuaigh sé chun cinn chuig post mar Stiúrthóir Seirbhísí agus ceapadh mar Bhainisteoir Chathair Phort Láirge é i Samhain 2007. I Meitheamh 2014 ceapadh Michael mar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle nua-chruthaithe Cathrach agus Contae Phort Láirge. Tá sé ina chathaoirleach reatha ar fhochoiste Tithíochta agus Tógála na Cathrach agus Cumann na mBainisteoirí Contae.