Mar gheall ar an Limistéar Uirbeach

Is comhchomhlacht de Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge í an Chomhairle Uirbeach a dhéanann ionadaíocht do cheantair Chathair Phort Láirge, Trá Mhór, An Pasáiste, Dún Mór agus a gcúlchríocha.

Tá 18 ionadaí tofa don limistéar seo, atá déanta de 3 toghcheantar rialtais áitiúil ag a bhfuil 6 comhairleoir ag gach ceann acu - Trá Mhór & Cathair Phort Láirge Thiar, Cathair Phort Láirge Thoir and Cathair Phort Láirge Theas.

Cliceáil ar ainm an cheantair chun Comhairleoirí gach ceantair a fheiscint. Is é an Cllr. Jason Murphy (Fianna Fáil )Cathaoirleach reatha (Méara) an Limistéir Uirbigh 2022-23. Is é an Cllr. Lola O'Sullivan (Fine Gael) an leas-Mhéara Uirbeach.

Eagraítear cruinnithe rialta ar an tríú Luan de gach mí (seachas Lúnasa). Is é Seomra na Comhairle, Halla na Cathrach, Port Láirge, a bhíonn mar ionad do na cruinnithe seo.