Scipeáil chuig ábhar

Ciste Aitheantais Pobail 2024 oscailte anois le haghaidh iarratas

Tá an Ciste Aitheantais Pobail 2024 (Fuinneog 3) oscailte anois d’iarratais go dtí 4pm, Dé Céadaoin, 8 Eanáirth, 2025.

Tacaíonn an ciste le tionscadail i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte ina bhfuil Tairbhithe de Chosaint Shealadach agus Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta, ag díriú ar áiseanna a fhorbairt ar mhaithe le gach ball den phobal amach anseo.

Tá an Ciste éagsúil ó chláir maoinithe poiblí eile atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na riachtanais seirbhíse poiblí láithreacha a eascraíonn as sní isteach daoine nua, agus tá sé mar aidhm aige tairbhí marthanacha a chruthú do phobail, ag neartú an bhonneagair áitiúil agus ag tacú le comhtháthú agus folláine daoine nua a thagann isteach.

Is é an leithdháileadh foriomlán do Phort Láirge ná €1,436,394, agus tá €282,701 de ar fáil faoi Fhuinneog 3.

Táthar ag glacadh le hiarratais anois ó Dhún Garbhán, Taobh na Mainistreach, Baile an Ród, Tulach an Iarainn agus Cluain Fhia Paor / Mothel, agus féadfar cistí a athdháileadh mura sainaithnítear aon tionscadail oiriúnacha laistigh de na sprioc-réimsí sin.

Tá líon suntasach daoine ag teacht isteach ón Úcráin agus ó thíortha eile sna sainréimsí seo agus b’fhéidir nach bhfuair siad leithdháileadh maoinithe i bhFuinneog 1 nó 2 níos luaithe i mbliana.

Cuirtear in iúl d’iarratasóirí go mbeidh an próiseas iomaíoch agus go gcuirfear critéir mheastóireachta ar leith i bhfeidhm lena chinntiú go bhfaighidh na tionscadail is fearr tacaíocht.

Dúirt Sinéad Breathnach, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach le Pobal, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, “Is deis iontach é an babhta deiridh maoinithe seo in 2024 do phobail laistigh de na sprioccheantair cur lena n-áiseanna áitiúla agus comhtháthú a chothú. Molaimid do gach ceantar incháilithe iarratas a dhéanamh agus leas iomlán a bhaint as an gciste.”

Is é seo an glao deiridh ar iarratais faoin gClár Aitheantais Pobail 2024.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas iarratais, tabhair cuairt le do thoil https://waterfordcouncil.ie/services/community-and-sport/community-grants/ nó ardáin meán sóisialta Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Féach ar na Nuacht