Scipeáil chuig ábhar

Bainistiú Maoine

Bainistíonn an Rannóg Bainistíochta Maoine talamh agus réadmhaoin (seachas tithe údaráis áitiúil) ar le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge iad.

Oibríonn an rannóg le stiúrthóireachtaí éagsúla sa Chomhairle chun an úsáid is fearr a bhaint as Banc Talún na Comhairle agus faigheann sí na cearta talún agus réadmhaoine a theastaíonn do thionscadail bhonneagair éagsúla na Comhairle.