Cuireann an clár tacaíocht airgeadais ar fáil do thionscadail incháilithe gníomhaíochta aeráide atá faoi stiúir grúpaí pobail ar fud Chontae Phort Láirge. Tá maoiniú caipitil 100% ar fáil do thionscadail agus is féidir le grúpaí pobail iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas le €100,000.
Ní mór do thionscadail léiriú a thabhairt ar sheachadadh gníomhaíochta aeráide ar an leibhéal áitiúil. I measc na dtionscadal incháilithe bheadh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh (athchóiriú, fótavoltach gréine srl.), feabhsú bithéagsúlachta, cosc dramhaíola, gníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh, réitigh atá bunaithe ar an dúlra agus bearta iompair inbhuanaithe (páirceáil rothair, muirearú feithiclí leictreacha srl.).
Ní mór do phobail incháilithe a bheith ina n-eagraíochtaí neamhbhrabúis, lonnaithe i limistéar oibríochta Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus cláraithe leis an PPN, nó nasctha le comhchoiteanna eile amhail an Wheel, Tidy Towns agus/nó grúpa pobail a bhfuil Airteagail Chomhlachais nó Bunreacht acu, a reáchtálann CCB, agus a bhfuil miontuairiscí ceadaithe ar fáil dóibh.
Tá iarratais oscailte ó 22nd Deireadh Fómhair 2025 go 17th Nollaig 2025 (3pm).
Tuilleadh eolais: https://waterfordcouncil.ie/communityclimateactionprogramme/
Déan teagmháil le: Oifigeach Gníomhaíochta Aeráide Pobail – climateaction@waterfordcouncil.ie