Tá an tAire Murphy ag lorg moltaí maidir le cóiríocht tithíochta sóisialta do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta tithíochta acu
Thug an tUasal Eoghan Murphy TD, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, cuireadh do bhabhta eile de thograí tithíochta ó Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe chun cóiríocht chónaithe neamhspleách a sholáthar do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta tithíochta acu. Tá maoiniú chun na críche seo ar fáil faoin Scéim Cúnaimh Chaipitil agus tá os cionn 130 tionscadal ceadaithe tógála ar an bhfód cheana féin atá ag cur os cionn 1,220 teach sóisialta ar fáil do chuid de na daoine is leochailí inár sochaí lena n-áirítear daoine scothaosta, gan dídean agus daoine faoi mhíchumas.
Tá críochnú na dtionscadal faoin Scéim Cúnaimh Chaipitil ag méadú agus le déanaí tá tithíocht nuathógtha curtha ar fáil ag Cluid ag Broome Lodge i mBaile Átha Cliath 7, le Iontaobhas Peter McVerry ag Cúirt San Agatha, Baile Átha Cliath 1, le Respond ag Carraig Mhachaire Rois agus ag Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann ag Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo.
“Cabhróidh an cuireadh do thionscadail nua faoin Scéim Cúnaimh Chaipitil, chun cur leis an méid atá ar siúl cheana féin, leis an méid is féidir le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta a dhéanamh chun freastal ar riachtanais tithíochta a uasmhéadú. Teastaíonn uainn píblíne seachadta ar fud gach réimse den tithíocht shóisialta agus, i ndáil le foscadh do na daoine is leochailí inár sochaí, tá cumas iontach ag na Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta chun tacaíochtaí ardchaighdeáin a sheachadadh”, a dúirt an tAire Murphy.
Eiseoidh Údaráis Áitiúla ‘Glaoch ar Thograí’ anois chun cuireadh a thabhairt do bhreis tograí tógála agus éadála ó Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta chun freastal ar an riachtanas tábhachtach seo. Tá an ‘Glaoch ar Thograí’ nua seo faoin Scéim Cúnaimh Chaipitil á dhéanamh i gcomhthéacs Rebuilding Ireland, Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Thithíocht agus Easpa Dídine. Tá €66 milliún curtha ar leataobh chun seachadadh cóiríochta a éascú i mbliana faoin Scéim – b’ionann an caiteachas faoin scéim in 2016 agus €37 milliún.
Dúirt an tAire “Léiríonn tionscadail na Scéime Cúnaimh Chaipitil atá ag teacht i bhfeidhm anois an tithíocht ardchaighdeáin atá á cur ar fáil. Ba mhaith linn cur leis an bpíblíne tionscadal atá i bhfeidhm cheana féin ionas go mbeidh seachadadh cinnte againn sna blianta beaga atá romhainn. Go deimhin, tá fonn ar leith orm go gcuirfí os cionn 1,000 dídean nua atá á n-ullmhú cheana féin ag Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta ar an láthair chomh luath agus is féidir. Tá an maoiniú i bhfeidhm agus nuair a chríochnófar gach ceann de na tionscadail seo beidh buntáistí a d’athróidh an saol do na tionóntaí a chónaíonn iontu”.
D’aithin an tAire go láidir an méid a chuir na Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta go dtí seo le soláthar agus bainistiú na tithíochta sóisialta; tugadh aitheantas sonrach don ról atá acu maidir leis seo in Rebuilding Ireland. Agus iad ag obair le húdaráis áitiúla, comhlíonann a ról seachadta faoin Scéim Cúnaimh Chaipitil raon tábhachtach de thosaíochtaí an Rialtais i réimsí na tithíochta agus maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha do raon daoine a bhfuil riachtanais ar leith acu.