Scéim Deontais Nua le haghaidh Cothabháil Reiligí Stairiúla
Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag lorg iarratais faoi scéim deontais nua chun reiligí stairiúla a chothabháil. Tá breis is 130 reilig stairiúil ar fud Chontae Phort Láirge atá faoi chúram Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Tá go leor acu faoi chosaint mar shuíomhanna seandálaíochta ar Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna (www.archaeology.ie - Amharcóir Timpeallachta Stairiúil). Éilíonn na suíomhanna seo cothabháil leanúnach agus mar aitheantas ar an obair atá á déanamh ag pobail áitiúla, tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag cur scéim deontais chothabhála ar fáil in 2025.
Tá sonraí agus foirm iarratais ar fáil ar : https://submit.link/3E5
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar líne ná 25 Bealtaine 2025.
Dúirt an tOifigeach Oidhreachta, Bernadette Guest, “Tá tacaíocht do chothabháil reiligí dúnta nó stairiúla ar cheann de na fiosrúcháin is minice a fhaighimid chuig an Oifig Oidhreachta agus tá súil againn go gcuideoidh an scéim deontais seo le hiarrachtaí na bpobal áitiúil a reilig áitiúil a chothabháil. Beidh laethanta oiliúna á reáchtáil againn in Oirthear agus in Iarthar Phort Láirge maidir le cúram agus caomhnú reiligí stairiúla i rith an tsamhraidh agus táimid ag tnúth le bheith ag obair le grúpaí ar fud an chontae ar an réimse tábhachtach seo dár n-oidhreacht.”
CRÍOCH