Pobal Phort Láirge á spreagadh chun páirt a ghlacadh i gCruinniú na Cásca
Cruinniú na Cásca, a Éire Chruthaitheach Is imeacht poiblí saor in aisce é tionscnamh arna chur i láthair ag RTÉ a bheidh ar siúl i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann, ar Luan Cásca le hócáid mhórscála speisialta i mBaile Átha Cliath, le himeachtaí eile ar fud na tíre.
Is ceiliúradh lá amháin é Cruinniú na Cásca ar an gcultúr ó cheol beo agus damhsa, go dtí an amharclann, ealaín agus ceardlanna cruthaitheacha eile, ina measc cainteanna agus blaiseadh bia, léamha filíochta agus scannáin.
Beidh imeachtaí Cruinniú na Cásca ar siúl i ngach ceann de na 31 Údarás Áitiúil ar fud na tíre. Tá cead isteach saor in aisce (cé go bhfuil ticéid ag teastáil le haghaidh roinnt imeachtaí le toilleadh teoranta) agus dírítear go speisialta ar imeachtaí do theaghlaigh agus do leanaí.
Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphries TD, “Is é aidhm Éire Chruthaitheach an cultúr agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár na bpobal ar fud na tíre agus déanfaidh Cruinniú na Cásca é sin díreach Luan Cásca seo chugainn. Beidh sraith leathan imeachtaí a oireann don teaghlach ar fud lár chathair Bhaile Átha Cliath, á gcoimeád ag RTÉ, agus beidh imeachtaí ar scála mór agus ar scála beag ar siúl i ngach contae ar fud na tíre freisin. Is mian linn daoine a spreagadh le bheith páirteach i saol cultúrtha a gcontae féin trí lá náisiúnta cruthaitheachta.
“Tá roinnt spriocanna uaillmhianacha socraithe againn dúinn féin don chéad bhliain d’Éire Cruthaitheach, agus Cruinniú na Cásca ar bharr an liosta. Tá lúcháir orm go mbeidh deis ag daoine ar fud na tíre teacht le chéile agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chultúrtha agus chruthaitheach ar Luan Cásca, ag tiomáint ár bhfolláine chomhchoiteann agus ár mbraistint pobail. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair na bpríomhpháirtithe ar fad a bhí páirteach i seachadadh na n-imeachtaí i mBaile Átha Cliath agus na Foirne Cultúir sna 31 Údarás Áitiúil a chuidigh le sraith iontach imeachtaí a chur le chéile, agus an liosta ag fás i gcónaí.”