Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Forbairt na gCéanna Thuaidh, Port Láirge.
Ordú Ceannaigh Éigeantaigh 2017, (Uimh.1)
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge (dá ngairtear “an Chomhairle” anseo feasta), ag gníomhú di thar a ceann féin, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 76 d’Acht na dTithe, 1966 , agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis, arna leathnú le halt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 arna chur in ionad alt 86 d'Acht na dTithe, 1966 arna leasú le halt 6 agus leis an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na mBóithre, 1993 agus arna leasú leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 , arna leasú, tar éis ordú dar teideal mar atá thuas a chur faoi bhráid An Bord Pleanála le deimhniú.
Má dhaingnítear é, údaróidh an t-ordú don Chomhairle an talamh sa Sceideal a ghabhann leis seo a fháil go héigeantach chun críocha forbairt agus athnuachan limistéar a bhfuil gá acu le hathghiniúint fhisiciúil, shóisialta nó eacnamaíoch ag na Cé Thuaidh, Port Láirge, a dhaingniú, a éascú nó a dhéanamh. Gheobhaidh úinéirí, léasaithe agus áititheoirí na talún a bhfuil tuairisc orthu sa Sceideal fógra scríofa aonair.
Ba cheart aon agóidí i gcoinne an Ordaithe Ceannaigh Éigeantaigh a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord Pleanála, 64 Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, le bheith faighte tráth nach déanaí ná 5pm Dé hAoine 25 Lúnasa, 2017. Ní féidir leis an mBord a dheimhniú – ordú ceannaigh éigeantaigh maidir le an talamh má dhéantar agóid i leith úinéir, léasaí nó áititheoir na talún d’fháil, agus nach dtarraingeofar siar é, go dtí go mbeidh sé curtha faoi deara éisteacht ó bhéal a sheoladh ar an ábhar agus go dtí go mbeidh an agóid breithnithe aige agus an tuarascáil an duine a thionóil an éisteacht ó bhéal.
Is féidir cóip den ordú agus den léarscáil dá dtagraítear ann a fheiceáil idir 9.30 am agus 4 pm, Luan go hAoine ag an Roinn Seirbhísí do Chustaiméirí, Sráid Nua Baileys, Port Láirge agus ag an Roinn Seirbhísí do Chustaiméirí, Oifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.