Beidh an chéad chaint i sraith imeachtaí Thionól na nDéise 2017 de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, ar siúl i Rinn Ó gCuanach ar an Satharn, 18 Feabhra ag a 3.00in i gColáiste na Rinne. Reachtáilfear an Tionól mar chuid de chlár imeachtaí Thionól Niocláis Tóibín, féile deireadh seachtaine a bheidh ar siúl sa Rinn ón 17-19 Feabhra.
Sé an tOllamh Pádraig Ó Macháin, atá ina Cheann Roinne i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí, a bheidh i mbun cainte ag Tionól na nDéise an tseachtain seo. Labharfaidh An tOllamh Ó Macháin faoin teideal “Pádraig Ó Miléadha agus an Fiannaidhe Fáin”, agus é ag díriú isteach ar oidhreacht file agus scríbhneoir cáiliúil na nDéise, Phádraig Uí Mhiléadha, a d’fhág seoda luachmhar filíochta agus amhránaíochta ina dhiaidh sin, ar nós Sliabh Geal gCua agus Trí Glúine Gaedheal.
Ceapadh Pádraig Ó Macháin, arbh as an Lios Mór dó ó dhúchas, ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh sa bhliain 2012. Bhí sé mar Ollamh i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath roimhe san. Tá an-chur amach ag Pádraig ar chúrsaí agus ar thraidisiúin na lámhscríbhinní sa tír seo, maraon le stair an leabhair in Éirinn agus an chuid foilsithe aige sa réimse taighde seo. B’é Pádraig a bhunaigh agus a stiúraigh an tionscadail digitithe Irish Script on Screen (ISOS) in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Tá sé ina leabhar agus foilsitheoir ar dhá iris chomh maith: Ossory Laoise and Laighean, agus An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise.
Sraith chainteanna is ea Tionól na nDéise, a iarrann Oifig na Gaeilge de chuid na Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge in áiteanna éagsúla ar fud an chontae gach bliain. Tá Tionól na nDéise na Rinne á eagrú i gcomhar le lucht eagraithe Thionól Niocláis Tóibín agus tá sé mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad.
Mar sin, beidh fáilte roimh gach aoinne chuig Coláiste na Rinne ar an Satharn, 18 Feabhra ar a 3.00in don ócáid saor in aisce seo, ag a ndéanfar deimhniú ar ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár staighre dhúchasach.