Tá taispeántas Portráidí ar siúl ag Noel O'Donoghue i nDún Garbhán
Tá 'Before the Shutter' le Noel O'Donoghue, ealaíontóir féinmhúinte a d'fhás aníos i gCeapach Choinn, Co.
Tá Noel ag sceitseáil agus ag péinteáil chomh fada agus is cuimhin leis. Agus é faoi thionchar an nádúir ar leac an dorais aige, tá roinnt saothar tírdhreachbhunaithe ina phunann aige. Agus é ina dhéagóir rinne Noel sceitseáil le peann luaidhe agus anois oibríonn sé in olaí agus in aicriligh. Gluaiseann sé go saor ó phortráidí go dtí tírdhreacha mar creideann sé go dtugann an taithí seo ar phéinteáil portráidí súil níos criticiúla agus níos mionsonraithe dó agus é ag déanamh tírdhreacha.
Le linn ghlas Covid thosaigh Noel ar thionscadal chun deilbhíní stairiúla a roghnú agus a phéinteáil. D’aistrigh sé ansin chun deilbhíní nua-aimseartha a chur san áireamh agus tá iliomad portráidí de mhuintir agus de dhaoine áitiúla críochnaithe aige le himeacht ama. Roghnaítear gach portráid chun mothúchán nó taithí a chur in iúl, agus dúirt Noel ina leith, “Creidim go bhfuil an cineál seo péintéireachta i mbaol ag teicneolaíocht nua-aimseartha agus gur gá é a chothú le maireachtáil.”
Tá rogha de shaothar portráide Noel ar taispeáint anois go dtí Dé Sathairn, 8 Feabhrath 2025.
Tá Ionad Ealaíon Shean Theach an Mhargaidh ar oscailt ó Mháirt go hAoine 11rn go 5in (dúntar am lóin 1.30pm go 2.30pm) agus Dé Sathairn 1pm go 5pm. Tá cead isteach saor in aisce agus tá fáilte roimh chách.