Scipeáil chuig ábhar

Michael Walsh ina Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, agus tá sé sa phost ó 2014 i leith.

Michael Walsh


Cúlra san innealtóireacht is ea cúlra an Phríomhfheidhmeannaigh, agus bhain sé céim san Innealtóireacht Shibhialta amach as COC i 1983. Thosaigh sé a ghairm bheatha sa Rialtas Áitiúil le Comhairle Contae Phort Láirge i 1983 agus d’oibrigh sé idir an áit sin agus Comhairle Cathrach Luimnigh ar feadh roinnt blianta i bpoist éagsúla innealtóireachta go dtí 2000 nuair a ceapadh é ina Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin san iar-Chomhairle Cathrach i bPort Láirge.

As sin chuaigh sé ar aghaidh go dtí post an Stiúrthóra Seirbhísí agus rinneadh Bainisteoir Chathair Phort Láirge de i mí na Samhna 2007. I mí an Mheithimh 2014, ceapadh Michael ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge nua-chomhnasctha. Tá sé ina chathaoirleach faoi láthair ar Fhochoiste Tithíochta agus Foirgníochta Chumann na mBainisteoirí Cathrach agus Contae.

Michael Walsh, Príomhfheidhmeannach

Déan teagmháil le hOifig an Phríomhfheidhmeannaigh