Páirceáil

Má thiomáineann tú i gCathair agus i gContae Phort Láirge, caithfidh tú a bheith ar an eolas faoi na rialacha i dtaca le páirceáil. Beartaítear go gcabhródh na rialacha leat trí:

  • Laghdú brú tráchta agus bacanna.
  • Líon na spásanna páirceála inúsáidte a mhéadú.

  • Cén áit ina gceadaítear páirceáil?
    Is féidir leat páirceáil sna háiteanna seo a leanas:

  • In aon spás páirceála bailí ag baint úsáide as ticéad nó diosca "Íoc agus Taispeáin".
    1. Páirceáil i nDún Garbhán
    2. Páirceáil ar An dTrá Mhór
    3. Páirceáil i gCathair Phort Láirge
  • I gcarrchlós ilstórach.
  • I gcarrchlós príobháideach.
  • In aon suíomh eile nach bhfuil san áireamh ar an liosta "Áiteanna Nár Cheart Páirceáil" mar a thaispeántar thíos.
  • Áiteanna Nár Cheart Páirceáil
    Tá roinnt áiteanna i gCathair agus i gContae Phort Láirge nach bhfuil páirceáil ceadaithe. Má dhéanann tú neamhaird ar na srianta seo gheobhfaí ticéad páirceála a thabhairt duit nó do charr a tharraingt. Tá na háiteanna seo a leanas san áireamh sna háiteanna nach bhfuil cead páirceála iontu: Tá na háiteanna seo a leanas san áireamh sna háiteanna nach bhfuil cead páirceála iontu:

  • Línte Buí Dúbailte
  • Línte Buí Singil
  • Bánna páirceála atá coinnithe do dhaoine le míchumas
  • Bánna Lódála
  • Lánaí Bus
  • Lánaí nó Raonta Rothaíochta
  • Limistéir coisithe
  • Limistéir páirceála Bus agus Cóiste
  • Stadanna Bus
  • Ionaid Tacsaithe
  • Limistéir shrianta eile
  • Línte Buí Dúbailte
    Níl páirceáil ceadaithe ar líne bhuí dhúbailte ag aon am.

    Líne bhuí shingil
    Níl páirceáil ceadaithe le linn na n-uaireanta atá luaite ar an gcomhartha bóthair. Maireann sé seo óna 8:30r.n. - 6:30i.n. Luan go Satharn de ghnáth.

    Bánna Páirceála atá Forchoimeádta do Dhaoine le Míchumais
    Níl páirceáil ceadaithe iontu ag aon am seachas sa chás go mbíonn ceadúnas páirceála bailí (suaitheantas gorm) ar taispeáint san fheithicil.

    Bánna Lódála
    Níl páirceáil ceadaithe iontu le linn na n-uaireanta léirithe ar an gcomhartha bóthair. Maireann sé seo óna 7:00r.n. - 12:00i.n. Luan go Satharn de ghnáth. Is féidir le feithiclí le diosca cánach earraí, páirceáil i mbá lódála ar feadh uasmhéid de 30 nóiméad agus iad ag lódáil nó ag dí-ualú.

    Lánaí Bus
    Níl páirceáil nó stopadh ceadaithe iontu le linn na n-uaireanta léirithe ar an gcomhartha bóthair.

    Lánaí nó Raonta Rothaíochta
    Ní cheadaítear páirceáil nó stopadh ar raonta éigeantacha rothaíochta ag aon am. Léirítear raon éigeantach rothaíochta le líne bhán sholadach. I gcás raonta neamh-éigeantacha rothaíochta, is féidir leat páirceáil ar feadh uasmhéid de 30 nóiméad agus an fheithicil á lódáil nó á dí-ualú. Léirítear raon neamh-éigeantach rothaíochta le líne bhán bhriste. Feidhmíonn raonta rothaíochta ar bhonn 24 uair an chloig murach go gcuirtear a mhalairt in iúl ar phláta ama.

    Limistéir coisithe
    Ní féidir feithicil a thiomáint nó a pháirceáil i limistéar coisithe le linn na n-uaireanta léirithe ar an gcomhartha bóthair.

    Páirceáil Bus/Cóiste
    Ní cheadaítear páirceáil d’aon fheithicil seachas busanna nó cóistí, murach go gcuirtear a mhalairt in iúl ar an gcomhartha bóthair. Léirítear an t-uasfhad a cheadaítear do bhusanna/cóistí fuireach ar an gcomhartha bóthair.

    Ionaid Tacsaithe
    Ní cheadaítear páirceáil le linn na n-uaireanta a léirítear ar an bpláta ama.

    Stadanna Bus
    Ní cheadaítear páirceáil ag aon am.

    Limistéir srianta eile
    Tá sé mídhleathach páirceáilar shlí a gcuireann isteach ar shruth na tráchta nó atá mar bhac ar úsáideoirí bóthair eile nó a chuireann úsáideoirí bóthair eile i ndainséar, mar shampla:

  • Cosc ar pháirceáil le hais líne bhán leanúnach.
  • Cosc ar pháirceáil ar chosáin (ar chuid de chosán nó a bheith páirceáilte go hiomlán ar chosán).
  • Cosc ar pháirceáil i ngiorracht 5 méadar d’acomhal.
  • Cosc ar pháirceáil ag aon trasrian nó soilse coisithe, i ngiorracht 15 méadar ar thaobh na rochtana nó 5 méadar ar an taobh eile.
  • Ná cruthaigh bac d’aon bhealach isteach d’fheithiclí, seachas le cead an áititheora.
  • Cosc ar pháirceáil ag bealach isteach chuig scoil.
  • Cosc ar pháirceáil ar imeall féir nó ar lárstráice.
  • Ceadúnas Seachadta do Ghnóthaí Beaga
    Ceadaíonn an Chomhairle do ghnóthaí beaga nach bhfuil feithiclí difriúla acu d’úsáid ghnó agus phearsanta a bhfeithiclí pearsanta a úsáid do sheachadtaí teoranta chuig a n-áit oibre. Ceadaíonn an ceadúnas úsáid na feithicle i spás dleathach páirceála ar shráid áirithe le hais ionad an ghnó ar feadh tréimhse 30 nóiméad agus iad ag lódáil nó ag dí-ualú, gan ticéad íoc agus taispeáin a bheith de dhíth orthu. Is gnóthaí ag a bhfuil cáil mhaith orthu leis an Roinn Rátaí a bheidh cáilithe don cheadúnas seo. Cosnaíonn an ceadúnas €15 agus is féidir cur isteach air ag baint úsáide as an bhfoirm iarratais thíos.

  • Foirm Iarratais - Ceadúnas Seachadta do Ghnóthaí Beaga
  • Polasaí na Comhairle ar Pháirceáil Um Sheachadadh Tráchtála

  • An chúis go bhfuil srianta páirceála againn i gCathair agus i gContae Phort Láirge
    Deartar rialacháin pháirceála chun an saol a dhéanamh níos deise, níos eagraithe agus níos áisiúla do chách trí:

  • Fáil réidh le bacanna agus brú tráchta a laghdú.
  • Sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú.
  • Fáil ar spásanna páirceála ar an tsráid a mhéadú.

  • Tá dualgas ortsa a chinntiú go bhfuil tú ag cloí leis an dlí agus leis na rialacháin pháirceála thuas nuair a pháirceálann tú.