Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) an t-údarás atá freagrach as monatóireacht aeir chomhthimpeallaigh in Éirinn . Déanann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil tomhais ar leibhéal truailleáin atmasféaracha éagsúla ina n-áirítear: Ózón, Aonocsaíd Charbóin, Dé-ocsaíd Nítrigine & Ocsaídí de Nítrigin, Dé-ocsaíd Sulfair, Ábhar Cáithníneach, Beinséin, Luaidhe, Hidreacharbóin Polaramatacha, Arsanaic, Nicil, Caidmiam & Mearcair.
Déantar monatóireacht agus imscrúdú ar aer comhthimpeallach in Éirinn de réir riachtanais Threoir 2008/50/EC ar chaighdeán aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, atá aitheanta mar an CAFE Directive chomh maith. Déanadh tras-suí ar an CAFE Directive i reachtaíocht náisiúnta Éireannach leis na Rialacháin Chaighdeán Um Cháilíocht Aeir 2011.
Faoi reachtaíocht Chaighdeáin Aeir agus d’fheidhmeanna caighdeáin aeir chomhthimpeallaigh, roinntear Éire ina 4 saincheantar:
Is féidir féachaint cén saincheantar ina bhfuil tú ag baint úsáide as amharcóir Mapa shuíomh idirlín an GCC. Tá faisnéis mhonatóireachta chaighdeáin aeir fíor-ama ar fáil ar shuíomh an GCC chomh maith.
Bíonn tionchar ag nithe ar nós astuithe tionsclaíoch, téamh tí agus tráchtála, iompair agus gníomhaíochtaí dramhaíola ar chaighdeán an aeir bPort Láirge. Tá ról ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge i mbainistiú na n-astuithe seo trí chur i bhfeidhm na mbeart seo a leanas: