Athrú Aeráide

Is é an t-athrú aeráide ceann de na mórdhúshláin roimh an gcine daonna sa chéad seo. Táthar den tuairim gurb é is cúis leis an athrú seo san aimsir ná an t-ardú sna leibhéil CO2 atá cothaithe ag dó bhreoslaí iontaise, bíodh ola, gual nó gás i gceist. Is gás é Dé-ocsaíd Charbóin a tharlaíonn go nádúrtha san atmaisféar ach tá méadú suntasach de le sonrú le triocha bliain anuas. Meastar gur gníomhaíocht dhaonna is mó cúis leis sin nuair a bhíonn dó bhreoslaí iontaise mar dhlúthchuid de phróiseas giniúna an fhuinnimh. Briogann an iomarca Dé-ocsaíd Carbóin san atmaisféar Iarmhairt Cheaptha Teasa agus is ionann é sin agus teas an domhain a bheith ceaptha san atmaisféar agus cosc air dá réir éalú amach sa spás.

Mar thoradh air sin ardaíonn teocht atmaisféar an Domhain agus an aigéin. Gheobhadh go mbeadh tionchar tromchúiseach ag meánardú de 2°C ar theocht an Domhain ar threochtaí domhanda na haimsire sa todhchaí. Léiríonn torthaí ó thaighde forleathan a deineadh go bhfuil nasc soiléir idir tiúchan Dé-ocsaíd Charbóin san atmaisféar agus teocht dhromchla an domhain. Tugtar 'Lorg Carbóin' ar an méid Carbóin agus Aistíochtaí Gás Ceaptha Teasa a bhfuil an duine aonair freagrach as. Nuair a laghdaítear lorg carbóin an duine, laghdaítear iarmhairtí an téamh Domhanda.

Beartais Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Um Athrú Aeráide
Sa bhliain 2015 shínigh 196 tír (Éire san áireamh) "Comhaontú Phárais ar Athrú Aeráide" a raibh sé mar sprioc aige ardú sa téamh domhanda ag éirí 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a laghdú. Ghlac an tAontas Eorpach leis an sprioc Aistíochtaí Gás Ceaptha Teas a laghdú 80-95% faoin mbliain 2050 i gcomparáid le leibhéil 1990. Is í an sprioc shocraithe do 2020 agus 2030 ná 20% agus 40% de laghdú ar Aistíochtaí Gás Ceaptha Teas. Is iad na spriocanna breise atá comhaontaithe do 2030 ná:

  • Go dtiocfadh iomlán de 27% de riachtanais fuinnimh ó theicneolaíochtaí in-athnuaite faoin mbliain 2030
  • Go mbeadh sprioc de 27% d'fheabhsúchán ar éifeachtúlacht fuinnimh faoin mbliain 2013.
  • Ghlac Rialtas na hÉireann leis an “Acht Um Athrú Aeráide agus Um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015”. San áireamh san acht tá 80% de laghdú ar aistíochtaí Dé-ocsaíde Carbóin (i gcomparáid le leibhéil 1990) fortheilgthe ar ghiniúint leictreachais, an earnáil tógála agus iompair agus gnóthachtáil a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de in earnáil na talmhaíochta agus ín úsáid na talún. Ina theannta sin, soláthraíonn Acht 2015 an chreatlach reachtaíochta chun pleananna náisiúnta um maolú agus creatlach náisiúnta um oiriúnú a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an Rialtais. Ar deireadh, leagann "Aistriú na hÉireann go Todhchaí Fhuinneamh Ísealcharbóin" amach mar a bhainfidh aistriú an fhuinnimh le giniúint fuinnimh in-athnuaite atá luathaithe agus ilghnéitheach agus a bheidh méadú breise ar éifeachtúlacht fuinnimh mar thoradh air.

    Plean Náisiúnta Um Maolú 2017
    Seasann an “Plean Náisiúnta Um Maolú” don chéad chéim chun sinn a chur ar an mbóthar ceart i dtreo na leibhéal dícharbónaithe atá riachtanach. Ní amháin go bhfuil bearta sa Phlean chun dul i ngleic leis an dúshlán go dtí 2020 ach tosnaíonn sé leis próiseas na forbartha inbhuanaithe idir mheántréimhseach agus fhadthréimhseach, nuair a ghlacfar leis na gníomhartha riachtanacha sa chéad deichbhliain eile agus sna deichbhlianta atá amach romhainn. Ní léirítear an tslí iomlán ann, ach obair idir lámha atá inti a léiríonn réadúlacht staid reatha an aistrithe dícharbónaithe. Meastar gur uirlis é an plean chun roghanna um maolú atá níos cost-éifeachtúla a chothú.

    Creat Náisiúnta Gníomhaíochta Um Oiriúnú
    Measfaidh “Creat Náisiúnta Pleanála an Rialtais” atá á fhorbairt i láthair na huaire na bearta i gcomhair chur i bhfeidhm na mBeart Oiriúnaithe i gcomhair Athrú Aeráide. Cuireann agus cuirfidh bearta atá aibhsithe laistigh den “Chreat Náisiúnta Gníomhaíochta Um Oiriúnú” i bhfeidhm laistigh dá ceantar riaracháin chun leochaileacht Phort Láirge d’iarmhairtí diúltacha athrú aeráide a laghdú. Tá bacainní tuile, machairí tuile, oibreacha draenála, cáilíocht fheabhsaithe uisce agus cosaint threisithe na bithéagsúlachta san áireamh sna bearta úd.

    Cur chuige ó bhun aníos atá ag teastáil chun aistriú rathúil a dhéanamh go geilleagar ísealcharbóin idir Údaráis Áitiúla agus an Rialtas, chun feasacht a chur chun cinn agus tionscnaimh a chur i bhfeidhm ar fud na hÉireann. Go dtí seo tá Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag cur i bhfeidhm agus ag pleanáil raon beart chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

  • Tá CCCPL ag cur i bhfeidhm bearta teicneolaíochta um éifeachtúlacht fuinnimh in-athnuaite i gcomhair teasa agus leictreachais ina stoc de nach mór 5000 teach de chuid a tithíochta sóisialta. Is straitéis fhadtréimhseach í chun an tithíocht shóisialta ar fad atá ag CCCPL a uasghrádú go rátáil fuinnimh Foirgnimh ‘C’ ar a laghad faoin mbliain 2025.
  • Tá plean ag CCCPL páirt a ghlacadh i gclár náisiúnta iarfheistithe poiblí um éifeachtúlacht fuinnimh ag cur soilsiú níos cost-éifeachtúla LED in áit an tseanfheistiú soilsiú sráide in 2019. Beidh iarfheistiú nach mór 13,000 feistiú solais san áireamh sna hoibreacha seo.
  • Tá raon teicneolaíochtaí in-athnuaite feistithe ag CCCPL ag láithreáin an Údaráis Áitiúil, mar shampla tuirbíní gaoithe ag an ionad fóntas poiblí ar an Trá Mhór agus i nDún Garbhán, painéal gréine san Oifig Chathartha ar an Trá Mhór, teaschaidéil aerfhoinsithe ag iosta aonad teaghaise Dhún Mhór Thoir agus Monarchana Cumhachta agus Teasa in éineacht ag Club an Chrúidín (Kingfisher Club) agus téamh gréine an uisce i roinnt foirgneamh.
  • Cabhraíonn dó an mheatáin ó ghás láithreáin líonta ag an trí líonadh talún i gcathair Phort Láirge, ar anTrá Mhór agus i nDún Garbhán le hastuithe ó Ghás Ceaptha Teasa a laghdú. Is fíor a rá go bhfuil Poiteinséal Téamh Domhanda an mheatáin ceithre huaire is fiche níos airde ná an Dé-ocsaíd charbóin a aistítear le linn dóchán ghás an láithreáin líonta.
  • Le linn chur i bhfeidhm scéimeanna chun iompar inbhuanaithe a chur chun cinn, ‘Taisteal Níos Cliste Dhún Gharbhán’ agus ‘Rian Glas na nDéise’, tá feabhas á chur ag CCCPL ar shiúláin do choisithe agus don rothaíocht a chuireann rogha eile in áit an mhótar-iompair ar fáil.
  • Feidhmeoidh tógáil bhogach ag líonta talún i nDún Garbhán agus ar an Trá Mhór mar linn dé-ocsaíd charbóin nuair a ionsúitear láisteáit ón líonadh talún agus Dé-ocsaíd Charbóin ón atmaisféar isteach sna bogaigh.
  • Tá curtha ag CCCPL le ráta athchúrsála drámhaíola gloine (19 tonna), scannán plaisteach feirme (87 tonna), dramh-threalamh leictreonach (48 tonna) agus feadáin fhluaraiseacha
  • Bailítear seanchuisneoirí/reoiteoirí ag na hIonaid Fóntas Poiblí i nDún Garbhán agus i gCathair Phort Láirge. Tógtar na cuisneoirí/reoiteoirí ó ionad agus baineann sainchonraitheoir clórafluaracarbón agus hidreaclórafluaracarbón astu. Díothaíonn cur i bhfeidm an bhirt seo astú gáis cheaptha teasa a dhéanann dochar comh maith don tsraith ózóin san atmaisféar.
  • Bearta Oiriúnaithe Athrú Aeráide an Údaráis Áitiúil
    Creidtear go forleathan go mbeidh ardú i leibhéal na bhfarraigí, ardú ar chion galuisce san atmaisféar agus baol breise tuilte mar iarmhairt ar athrú aeráide. Tá roinnt beart curtha i bhfeidhm go dtí seo, mar shampla:

  • Tá “Staidéar Straitéiseach Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás tuilte” curtha le chéile le cuimsiú i bPleananna Forbartha. Aibhsíonn an staidéar seo ceantair atá i mbaol tuilte agus aithníonn sé bearta struchtúracha agus neamhstruchtúracha agus roghanna chun riosca maidir le tuilte a bhainistiú.
  • Cuireadh isteach bacainní tuile, struchtúr feabhsaithe cainéil agus struchtúr rialaithe na taoide mar gheall ar an tuiliú seasmhach i logáin i gcathair Phort Láirge de dheasca leibhéal na farraige ag ardú, a chothaíonn lán-mara agus leibhéal buaice fearthainne. Tá na logáin ar fad anois cosanta ó leibhéal mór tuilte agus tá na ceantair seo a leanas san áireamh ansin: Cois Abhann, Cé Adelphi agus Cé na gCeannaithe.
  • Tá "Plean Bithéagsúlachta" curtha chun cinn ag CCCPL a chuimsíonn an Contae ina iomláine agus a chosnaíonn éiceachórais, ar féidir leo feidhmiú mar linn Dé-ocsaíd charbóin agus a chuireann foinsí bia ar fáil don fhiadhúlra in aeráid atá ag athrú.
  • Cuireann CCCPL bearta i bhfeidhm chun baol chreimeadh cósta a mhaolú. Tá creimeadh cósta ag éirí níos coitianta de dheasca leibhéal níos airde farraige agus stoirmeacha ionsaitheacha.
  • Cuirfidh CCCPL "Straitéis Um Oiriúnú an Údaráis Áitiúil" i bhfeidhm a bhfuiltear ag coinne lena forbairt go luath sa todhchaí agus a chomhlíonfaidh "Treoirlínte Náisiúnta Um Oiriúnú".
  • Cad is féidir liomsa a dhéanamh?
    Seo slite inar féidir le duine a “Lorg Carbóin” a laghdú agus dul i ngleic le téamh domhanda dá réir.

  • Cuir feabhas ar ráta fuinnimh mo thí. Breis eolais ar fáil ar www.waterfordenergy.ie
  • Bain úsáid as an rothar in ionad an chairr. Is tionscnamh rialtais í an scéim “Rothar chun na hOibre” inar féidir le fostaithe íoc as rothar agus trealamh nua trí aisbhaintí seachtainiúla nó míosúla óna dtuarastal saor ó cháin. Cuireann rothaíocht laethúil le folláine an duine comh maith.
  • Tá níos lú iarmharta ar an athrú aeráide má bhaineann duine úsáid as iompar poiblí agus é ar fáil, seachas carr. Laghdaíonn sé sin úsáid an bhreosla leis agus astaíochtaí Dé-ocsaíd charbóin.
  • Má cheannaíonn is má úsáideann duine fearais leictreacha ráta "A" úsáidtear níos lú fuinnimh agus iad á n-oibriú. Is féidir seanfhearais a thógáil go dtí na Láithreacha Conláiste Pobail i gcomhair athchúrsála nó chun go mbaileoidh an díoltóir i gcomhair athchúrsála iad.
  • An méid uisce a úsáidtear a laghdú. Tá an plé ar chúrsaí uisce ina cheist thábhachtach sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gcostas a bhaineann le soláthar agus cóireáil uisce.
  • Carr a cheannach atá níos éifeachtúla ó thaobh úsáid bhreosla de mar go mbíonn a chuid astaíochtaí níos ísle. Trí uasghrádú a dhéanamh go carr níos nua, bainfidh tú tairbhe as astíochtaí Dé-ocsaíd charbóin atá níos ísle agus éifeachtúlacht breosla a bheidh níos fearr. Tá rogha agat carr leictreach a cheannach leis, a bhfuil costais choinneála níos ísle aige comh maith le deontas rialtais.
  • Téann laghdú i nginiúint dramhaíola go mór chun sochar an chomhshaoil.