Seachaint Dramhaíola agus Athchúrsáil
Tá ról ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge i laghdú agus athchúrsáil dramhaíola a ghintear i bPort Láirge a chur chun cinn agus a éascú. Déanaimid seo trí chláracha oideachais ar nós Clár na Scoileanna Glasa agus oibriú tríd an Oifig Fheasachta Chomhshaoil de chuid na Comhairle. Cuireann Oifig Bhainistíochta Dramhaíola an Réigiúin Theas feasacht ar an gcomhshaol chun cinn chomh maith ar son údarás áitiúil i Réigiún Dheisceart na hÉireann.
Cuirimid áiseanna ar fáil tríd ár líonra ionad fág anseo agus an dhá Shuíomh Chonláiste Cathartha de chuid na Comhairle ag Cill Bharra, Port Láirge agus ag Baile na Muc, Dún Garbhán.
Rialúcháin Dramhaíola
Faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (mar atá leasaithe), tá dualgas ar Phort Láirge gníomhaíochtaí bainistíochta dramhaíola a dhéantar i bPort Láirge a rialú.
Déanann foireann scrúdaitheoirí comhshaoil scrúduithe faoi na rialacháin éagsúla achtaithe faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola agus reachtaíocht ghaolmhar, agus tá cumhachtaí éagsúla acu chun na rialacháin seo a chur i bhfeidhm. Is féidir le coireanna a dhéantar faoin Acht um Bainistíocht Dramhaíola fíneálacha comh hard le €15,000,000 agus téarmaí príosúnachta comh fada le 10 bliain a tharraingt ar chiontú ar dhíotáil.
Má thugann tú sárú ar na rialacháin dramhaíola faoi deara nó má tá ábhar is cúram duit gur mhian leat a thuairisciú, is féidir tuairisc a thabhairt air trí na hionaid teagmhála custaiméara de chuid na Comhairle trí ghlaoch a chur ar 0818 10 20 20 nó trí r-phost a sheoladh chuig contact@waterfordcouncil.ie nó rogha eile ná íoslódáil a dhéanamh ar aip "See It, Say it" an GCC chun eachtra a thuairisciú.