Aithníonn Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge luach chomharthaí fógraíochta do chuairteoirí, chustaiméirí, ghnólachtaí, ghrúpai pobail &rl agus a dtábhacht maidir le beogacht aon cheantair. Aithníonn sé comh maith áfach go mbíonn éifeacht dhiúltach acu ar an gcomhshaol comh maith le bheith ina bhac ar shábháilteacht tráchta agus gluaiseacht shábháilte coisithe. Is sinn ag dreim ar chothromaíocht chuí a bhaint amach, tá sé riachtanach go ndéantar monatóireacht ar chomharthaíocht fógraíochta agus go ndéanfar rialú uirthi, go háirithe ar chomhtharthaíocht neamhbhuan.
I dtaobh reachtaíochta agus rialúcháin rialaítear fógraíocht de réir na hAchtanna Um Pleanáil agus Forbairt 2000-2011, na hAchtanna Um Thruailliú ó Bhruscar 1997-2003, An tAcht Um Chosaint Comhshaoil 2003, An tAcht Um Bhóithre 1993 agus na rialúcháin a bhaineann leis na hAchtanna úd. Tabhair do d’aire, go bhfuil comharthaí áirithe díomhaithe de réir na rialúchán thuasluaite, m.sh. postaeir toghcháin, ach sin ráite tá coinníollacha agus teorainneacha orthusan comh maith.
Tá sé i gceist go dtógfaidh an “Polasaí Um Chomharthaíocht Fógraíochta” na gnéithe éagsúla seo le chéile comh maith le tacaíocht sa bhreis a thabhairt do rialú sa réimse seo.
Is í aidhm an pholasaí seo ná tacaíocht a thabhairt d’fhógraíocht mhaith, chruthaitheach agus riachtanach in áiteanna cuí i gcomhair imeachtaí, saoráidí agus seirbhísí cuí. Is ann dó chomh maith chun deimhin a dhéanamh de nach mbíonn drochéifeacht ag comharthaíocht mhíchuí nó neamhúdaraithe ar an léiriú iomlán a dhéantar ar an gcathair agus ar an gcontae agus ar an íomhá a chuireann sé os comhair áitritheoirí, cuairteoirí agus infheisteoirí féideartha. Ní hí aidhm an Pholasaí a bheith frith-ghnó nó frith-phobal ach ina áit sin a bheith tacúil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, do cháilíocht na gcaighdeán agus do leanúnachas i dtaobh cinnteoireachta agus chun íomhá dhearfach de Phort Láirge a chur chun cinn.
Is iad seo a leanas cuid de na ceisteanna a aithnítear mar fhadhbanna maidir le fógraíocht agus le comharthaíocht i bPort Láirge, sa chathair, i mbailte agus i sráidbhailte agus i gceantair tuaithe fiú:
Ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig:
Kathryn Jones, Teicneoir Forfeidhmithe I leith Chúrsaí Comhshaoil, Áras Menapia, An Meal, Port Láirge.
Rphost: kjones@waterfordcouncil.ie
Teil: 0761 102720