Faoin Acht Um Rialú Capall 1996, tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge cumhachtaithe chun capaill a bhíonn ar strae a ghabháil agus a chur i bpóna.
Fodhlithe Um Rialú Capall (Dréacht)
Tá fógra á thabhairt leis seo go bhfuil molta ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge Fodhlithe Um Rialú Capall a dhéanamh de réir míreanna 13, 39, 40, 46 agus 47 den Acht Um Rialú Capall 1996 (Uimhir 37 1996) chun rialú a dhéanamh ar chapaill laistigh de limistéar riaracháin chathair agus chontae Phort Láirge.
Tá cóip de Dhréacht na bhFodhlite ar fáil le breathnú orthu anseo agus tá siad ar fáil i gcomhair breithnithe, saor in aisce ag Oifigí Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, ar Shráid Nua Baileys, Port Láirge agus sna hOifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co Phort Láirge. Tabharfar cóip de Dhréacht na bhFodhlíthe d’aon duine a chuireann iarratas isteach dá leithéid chuig na hoifigí seo.
Beidh Dréacht na bhFodhlíthe ar taispeántas poiblí le linn uaireanta oifige (9.30rn-4in) don tréimhse Déardaoin 19 Deireadh Fómhair 2017 go dtí an Luan 20 Samhain 2017, na dátaí sin san áireamh (ach Saoire Bhainc & Phoiblí as an áireamh).
Cuirfidh Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge aon aighneacht a chuirfear i scríbhinn maidir leis an dréacht chuig Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge roimh 4in Dé Máirt 28 Samhain 2017, san áireamh. Is cóir aighneachtaí a sheoladh chuig Luke O’Brien, Oifigeach Riaracháin, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Halla na Cathrach, An Meal, Port Láirge nó ríomhphost a sheoladh chuig lobrien@waterfordcouncil.ie
0818 10 20 20
contact@waterfordcouncil.ie
Seoladh Oifige