Cuir Caint nó Ceardlann in Áirithe
Is féidir le bunscoileanna agus le hiarbhunscoileanna ceardlann comhshaoil atá saor in aisce a iarraidh. Má tá tuilleadh eolais uait maidir le caint nó ceardlanna a chur in áirithe do do scoilse bunaithe ar Bhruscar, Dramhaíl, Athchúrsáil, Múiríniú, Fuinneamh, Athrú Aeráide nó Bithéagsúlacht, déan teagmháil linn.
Mar shampla: Is féidir linn an cheardlann 'Dúshlán Fuinnimh' SEA1, Ranganna Sinsearacha Bunscoile a sheachadadh. Is ceardlann idirghníomhach í seo atá bunaithe ar an gcuraclam agus a chuimsíonn prionsabail an fhuinnimh, na fadhbanna reatha domhanda agus ar féidir linne a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach. Foghlaimíonn daltaí faoi eolaíocht an fhuinnimh agus faoin athrú aeráide trí rannpháirtíocht i dturgnaimh agus trí ‘Chluiche an Fhuinnimh’ a imirt. Is mór an sport iad agus tá siad praicticiúil.
Tá siad oiriúnach do dhaltaí Rang 3-6. Is ceardlanna idirghníomhacha iad na ceardlanna bunaithe ar dhramhaíl/athchúrsáil agus meallann siad daltaí chun machnamh a dhéanamh ar shaolré ábhar, ar an bhfad a thógann sé orthu briseadh síos agus ar an bpróiseas athchúrsála. Léiríonn ceardlanna bunaithe ar an mBithéagsúlacht a thábhachtaí agus atá plandaí agus ainmhithe agus díríonn sé ar a bhfuil ann go háitiúil. Tá gníomhaíochtaí mar chuid di a oireann do gach aon aoisghrúpa.
Scoileanna Glasa
Is clár oideachais idirnáisiúnta comhshaoil agus scéim dámhachtana é Scoileana Glasa a chuireann gníomhú uile scoile ar son an chomhshaoil chun cinn. In Éirinn reachtálann An Taisce an clár agus tugann Seirbhísí Comhshaoil Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge cabhair ar bhonn áitiúil do scoileanna
Is clár fadtréimhse é Scoileanna Glasa seachas clár aon uaire agus cuireann sé coincheap chóras um bainistiú comhshaoil os comhair na rannpháirtithe (idir dhaltaí, mhúinteoirí, thuismitheoirí agus an pobal maguaird). Cothaíonn sé tuiscint ar shaoránacht agus ar cheannaireacht i measc rannpháirtithe a scaipeann amach i bhfad ón scoil go dtí an mórphobal. Ligeann sé do pháistí a bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta trí fhreagracht a chur orthu i dtaobh a gcinntí agus a gcuid gníomhartha féin.
Bronntar Bratach Ghlas ar an scoil, bratach a bhfuil gradam ag baint léi agus gur féidir í a chur ar folluain lasmuigh den scoil agus gur ghá a athnuachan gach dhá bhliain. Tuilleadh eolais ar fáil trí chuairt a thabhairt ar Scoileanna Glasa na hÉireann nó déan teagmháil linn más mian leat a bheith rannpháirteach:
Comórtais
Eagraímid méid áirithe comórtas do scoileanna gach aon bhliain, comórtais a bhaineann le bruscar, athchúrsáil, athúsáid, agus araile. Seolfar sonraí faoi na comórtais úd chuig do scoilse agus postálfar iad comh maith ar rannán ‘An Nuacht is Déanaí’ den suíomh gréasáin seo.