Agóid a dhéanamh in aghaidh Iarratais Phleanála

Tá sé de cheart ag éinne féachaint agus trácht a dhéanamh ar iarratas pleanála a dhéantar chuig aon údarás áitiúil.

Ar tháille €20 tá sé de cheart agat iontráil scríofa a dhéanamh nó agóid a dhéanamh in aghaidh aon iarratais. Caithfear é seo a dhéanamh laistigh de 5 seachtain ón dáta a fhaigheann Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge an t- iarratas.

Caithfidh iarratasóirí ar chead pleanála fógra láithreáin a chur in airde agus é a fhógairt i nuachtán áitiúil ionas go bhfuil an pobal ar an eolas faoi iarratas pleanála. Ullmhaíonn an Roinn Pleanála liosta seachtainiúil d’iarratais phleanála atá ar fáil le scrúdú in ár n-oifigí agus sna leabharlanna áitiúla.

Tá gach doiciméad a iontráiltear le hiarratas cead pleanála ar fáil chun féachaint orthu agus ní féidir leis an Roinn Pleanála cinneadh a dhéanamh ar iarratas go dtí go mbeidh an tréimhse iontrála 5 seachtain caite.

Caithfear iontrálacha nó agóidí a dhéanamh i scríbhinn, caithfear tagairt a dhéanamh d’uimhir thagartha an iarratais phleanála, ainm agus seoladh an bhreathnóra agus caithfidh an táille chuí de €20 a bheith leis. Cuirfear gach aighneacht/agóid ar fáil ar an gcomhad poiblí chun gur féidir le baill an phobail féachaint orthu.

Ba cheart iontrálacha/agóidí a sheoladh ar aghaidh chuig: An Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Áras Menapia, An Meall, Port Láirge.

Admhaítear gach agóid i scríbhinn agus déantar fógra den chinneadh pleanála do gach breathnóir i gcaitheamh 3 lá den chinneadh a bheith déanta. Má dhéanann tú aighneacht/agóid agus nach n-admhaíonn an t-údarás áitiúil é, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh pleanála a shíolraíonn as chuig An mBord Pleanála. Tá sé de cheart agat a bheith curtha ar an eolas faoi aon achomharc eile atá eisithe don Bhord Pleanála agus cóip den achomharc a fháil.

An Féidir liom aighneacht/agóid a tharraingt siar?
Níl aon oibríocht sna Rialacháin Pleanála agus Forbartha (2001) (arna leasú) chun aighneacht/agóid a tharraingt siar. Is féidir mar sin féin cur le d’aighneacht/d’agóid, ag tabhairt treorach don Údarás Pleanála neamhaird a dhéanamh ar d’agóid thosaigh. Tabhair do d’aire go bhfanfaidh an aighneacht thosaigh agus an t-iarratas ag iarraidh an aighneacht a tharraingt siar ar an gcomhad pleanála ach ní chuirfidh an tÚdarás Pleanála san áireamh í agus cinneadh á dhéanamh acu ina dhiaidh sin.


Cóipcheart © Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge