Ag Féachaint ar Iarratas Pleanála

Is féidir féachaint ar iarratais phleanála ar líne anseo. Tabhair dod’aire gur féidir féachaint ar leagan leictreonach de gach iarratas pleanála a fuair an Chomhairle Contae ó 2004 ar aghaidh, fad is atá leagan leictreonach d’iarratais ag an gComhairle Cathrach & Comhairle Bhaile Dhún Garbhán ó 1 Eanáir 2006 ar aghaidh.

Planning application files (both current and archived) may be viewed in person at the following two office locations:

An Roinn Pleanála An Roinn Pleanála
Oifigí Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge Oifigí Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge
Áras Menapia Oifigí Cathartha
An Meall Cé Dháibhéid
Cathair Phort Láirge Dún Garbhán

Tabhair dod’aire áfach, sa chás nach bhfuil an deonú deiridh do chead pleanála eisithe d’iarratas, ní ceadmhach féachaint ar an gcomhad pleanála ach in Áras Menapia amháin. Ina theannta sin, tá comhaid na n-iarratas pleanála roimh 2012 i stóráil sheachtrach agus ní mór cead féachaint orthu a iarraidh roimh ré.   Is gnách go gcuirtear na comhaid sin ar fáil laistigh de sheachtain ón dáta a iarrtar féachaint orthu. Tabhair do d’aire le do thoil go bhfuil táille €12.00 chun comhad a aisghabháil ón gcartlann.

Más mian leat féachaint ar chomhad dean teagmháil linn i dtús ag planning@waterfordcouncil.ie, ag cur uimhreacha na gcomhad gur mhaith leat féachaint orthu in iúl dúinn, comh maith leis an áit gur mhaith leat féachaint orthu (ag ár gcuid oifigí i gCathair Phort Láirge nó i nDún Garbhán) agus fág d’uimhir ghutháin linn. Rachaimid i dteagmháil leat agus an comhad nó na comhaid réidh againn duit le féachaint air/orthu.  Is gá an táille aisghabhála a íoc ar an lá a fhéachann tú ar an gcomhad/na comhaid. Má bhíonn fótachóipeanna den chomhad nó de chuid den chomhad ag teastáil uait is féidir iadsan a shocrú duit. Tá ár dtáillí fótachóipeála ar fáil anseo.


Copyright © Waterford City & County Council