Tá sé de dhualgas ar an Údarás Pleanála cuspóirí na bpleananna forbartha agus pleananna ceantair áitiúil a aimsiú. B’fhéidir nach mbeadh iarratas pleanála duine aonair ag cloí le cuspóirí an phlean ábhartha ach go mbeadh sé ag cloí fós leis an bpleanáil agus leis an bhforbairt cheart don áit. Gheobhadh an tÚdarás Pleanála cinneadh a dhéanamh ansin é a cheadú mar shárú ábhartha ar an bplean, tar éis comhairliúchán leis an bpobal.
Sa chás seo caithfidh an tÚdarás pleanála fógra dá n-intinní a fhoilsiú i nuachtán atá ar fáil go háitiúil. Tugtar fógra díreach don iarratasóir agus d’aon duine a dhein agóid scríofa in aghaidh an iarratais. Is féidir le haon duine agóidí nó aighneachtaí a dhéanamh chuig an Údarás Pleanála i gcaitheamh 4 seachtain den fhógra poiblí. Caithfidh an tÚdarás Pleanála na ráitis seo ar fad a chur san áireamh. Chun pas a fháil ar réiteach i gcásanna mar seo, caithfidh trí cheathrú de gach Ball Tofa vótáil ina fhabhar.