Tá sé mar chuspóir ag an Rannóg Pleanála obair ar son pleanáil cuí agus forbairt inbhuanaithe an Chontae, forbairt pobail inbuanaithe a chur chun cinn agus a éascú, agus oidhreacht nádúrtha agus tógtha agus áineasa an Chontae a chosaint agus a chaomhnú.
Pleananna Forbartha – Síneadh ama lena Saolré
Ar an 1 Meitheamh 2014 bunaíodh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, tar éis do Chomhairle Cathrach Phort Láirge agus Comhairle Contae Phort Láirge comhnascadh lena chéile.
Faoi réir Alt 11A den Acht um Phleanáil & Fhorbairt 2000 (arna leasú), cuirfear le saolré an trí phlean a bhí ann cheana féin agus atá laistigh den limistéar comhnasctha, siad san Plean Forbartha Chathair Phort Láirge 2013 – 2019, Plean Forbartha Chontae Phort Láirge 2011 – 2017, agus Plean Forbartha Bhaile Dhún Garbhán 2012-2018, agus fanfaidh siad san i bhfeidhm go dtí go mbeidh an Straitéis nua Spáis & Gheilleagrach Réigiúnach curtha le chéile ag Tionól Réigiúnach an Deiscirt. Ullmhófar Plean Forbartha nua don gCathair agus don gContae ina dhiaidh san. Féach ar an gcuid Pleanáil Chun Cinn den suíomh seo i gcomhair a thuilleadh eolais.
Tá aighneachtaí á lorg ón bpobal ag an gComhairle anois maidir leis an Waterford North Quays SDZ Draft Planning Scheme 2017. Is féidir féachaint anseo ar cháipéisí maidir leis an tionscadal seo.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach go leictreonach nó i scríbhinn agus is ceart ainm, seoladh agus, más cuí, sonraí na heagraíochta, an ghrúpa pobail srl. atá i gceist a chur ar fáil, faoin Déardaoin, 30 Samhain 2017.
0818 10 20 20
planning@waterfordcouncil.ie
Na hOifigí
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:30r.n. - 1:00i.n. and 2:00i.n. - 4:00i.n.