Straitéis um Imeascadh Imirceach Phort Láirge 2021–2024

Cuireann an straitéis seo creatlach tacaíochta ar fáil d’ionchuimsiú agus do imeascadh gach pobal imirceach i gcontae agus i gcathair Phort Láirge. Tá sé mar aidhm sa straitéis tacaíocht a thabhairt maidir le imeascadh imirceach i ngach gné de shaol sa chathair agus sa chontae; tá gníomhartha straitéiseacha leagtha síos a bhaineann le gach gné den saol, an geilleagar, an saol sibhialta, seirbhísí riarachán poiblí; forbairt phobail, spórt, ealaíon agus fóillíocht.

Aithnítear faoi phróiseas an imeasctha na cearta atá ag imircigh a gcultúr a chleachtadh ar bhealach nach dtagann salach ar bhunluachanna an Aontais Eorpaigh agus shochaí na hÉireann, mar a chuirtear síos air i mbunreacht agus i ndlithe na hÉireann.
Athraíonn sochaithe de bharr na himirce. Bíonn tionchar aige ar athruithe saoil d’imircigh agus don tsochaí óstach. Mar sin, is déphróiseas é an t-imirce. Baineann sé leis na himircigh agus leis an tsochaí óstach. Cinntíonn cur chuige uilechuimsitheach - faoina mbíonn na himircigh agus an tsochaí óstach páirteach - go mbaintear amach na tairbhí is fearr as an ilghnéitheacht.

 

Le hÍoslódáil

  • Straitéis um Imeascadh Imirceach Phort Láirge 2021 – 2024

  • Cóipcheart © Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge