Tá dualgas ar gach tionónta de chuid Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge cíos a íoc.
Bunaítear an méid cíosa atá le híoc ar ioncaim an teaghlaigh, le liúntais á dtabhairt d’aon chleithiúnaí sa teaghlach. Déantar áirimh de réir na dtreoracha mar atá leagtha síos i ‘Scéim Cíosanna Difreálacha’ de chuid na Comhairle agus dearadh iad ionas nach gcruthóidís cruatan do thionóntaí.
Mar roghanna íocaíochta, is féidir le tionóntaí roghnú uathu seo a leanas chun cíos a íoc:
Riaráistí
Molaimid d’aon tionónta a bhfuil deacracht acu íocaíochtaí cíosa a dhéanamh teagmháil a dhéanamh lena mBailitheoir Ioncaim nó leis an bhfoireann sna hOifigí Cíosa chun an cheist a phlé. Déantar gach plé faoi rún docht. Tá cáipéis Polasaí Bainistiú Riaráistí ar fáil le híoslódáil ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge Chomh maith.
Lámhleabhar Tionónta
Molaimid do thionóntaí reatha agus féideartha a bheith eolach ar ár Lámhleabhar Tionónta. Leiríonn an lámhleabhar seo, a cuireadh le chéile mar eolas agus mar threoir duit, na seirbhísí atá ar fáil agus leagann sé amach freagrachtaí na Comhairle, chomh maith leis na freagrachtaí atá ortsa mar thionónta againne.
Foirmeacha
Má theastaíonn uait go gcuirfidh Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge san áireamh do thithíocht tú, caithfidh tú foirm "Iarratais ar Thithíocht" a líonadh.