Clár Cóiríocht don Lucht Siúil

Cuireann an tAcht Um Chóiríocht don Lucht Siúil 1998 iachall ar Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge Clár Cóiríochta don Lucht Siúil a ullmhú agus a chur i bhfeidhm don tréimhse 1 Eanáir 2014-31 Nollaig 2018. Is é cuspóir an chláir ná riachtanais reatha agus teilgthe chóiríochta a mheas i gcomhair theaghlaigh taistealaithe i gCathair agus i gContae Phort Láirge le linn na tréimhse agus chun sainmholtaí a leagan síos le deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfar an riachtanas sin. Cloífidh an clár leis an reachtaíocht ábharach ar fad. Is féidir doiciméad an Chláir Um Chóiríocht do Thaistealaithe a íoslódáil anseo:

  • Doiciméad an Chláir Um Chóiríocht do Thaistealaithe 2014-2018.
  • Coiste Comhairliúcháin Um Chóiríocht do Thaistealaithe Áitiúla
    Dar leis an Housing (Traveller Accommodation) Act 1998 Acht Um Thithíocht (Cóiríocht do Thaistealaithe) 1998 tá dualgas ar gach Údarás Áitiúil Coiste Comhairliúcháin Um Chóiríocht do Thaistealaithe a cheapadh. Is í feidhm an Choiste mar atá foirceanta ag an Acht ná:

  • Comhairiúchan a thabhairt maidir le hullmhúchán agus cur i bhfeidhm an Chláir Um Chóiríocht do Thaistealaithe.
  • Comhairliúchán a thabhairt maidir le Bainistíocht na Cóiríochta do Thaistealaithe.
  • Chun idirchaidreamh a sholáthar idir Taistealaithe agus baill agus oifigigh an údaráis cheapacháin.
  • Is féidir Doiciméad an Choiste Comhairliúcháin Um Chóiríocht do Thaistealaithe Áitiúla a íoslódáil anseo.

  • Copyright © Waterford City & County Council