Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP)

Is cúnamh tithíochta de shaghas nua, a chuireann údaráis áitiúla ar fáil é HAP. Ciallóidh seoladh HAP gur féidir le húdaráis áitiúla cúnamh tithíochta a thabhairt dóibh siúd a cháilíonn do thacaíocht tithíochta shóisialta, go leor faighteoirí fadtéamacha forlíonadh cíosa san áireamh. Faoi HAP, íocfaidh na húdaráis áitiúla an íocaíocht cíosa iomlán go díreach leis an tiarna talún ar son an fhaighteoir HAP. Íocfaidh an faighteoir HAP an ranníocaíocht cíosa don údarás áitiúil ansin. Is cíos difreálach é an ranníocaíocht cíosa – is é sin le rá, cíos atá bunaithe ar ioncam agus cumas íocaíochta.

Tá Teorainneacha Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta tar éis ardú

  • Athruithe ar theorainneacha HAP, i bhfeidhm ó 1ú Iúil 2016
  • Cé atá cáilithe do HAP?
    Tá aon teaghlach a cháilíonn do thacaíocht tithíochta sóisialta cáilithe le cur isteach ar HAP. Aistreofar faighteoirí forlíonadh cíosa a cháilíonn do thacaíocht tithíochta sóisialta ó fhorlíonadh cíosa go dtí HAP ar bhonn céimnithe.

    Cé atá cáilithe do HAP agus conas a oibríonn sé?
    Chun a bheith cáilithe do HAP, caithfidh údarás áitiúil an teaghlach a cháiliú do thacaíocht tithíochta sóisialta, rud a chiallaíonn go gcaithfidh teaghlach cáiliú le dul ar liosta feithimh tithíochta an údaráis áitiúil.

  • Beidh sé de dhualgas ar fhaighteoirí HAP a chóiríocht féin a aimsiú sa mhargadh príobháideach cíosa.
  • Caithfidh an tiarna talún glacadh leis an áitreabh a chur ar cíos chuig faighteoir HAP.
  • Íocfaidh an t-údarás áitiúil an cíos ina iomláine leis an tiarna talún go díreach, faoi réir téarmaí agus coinníollacha le teorainneacha cíosa san áireamh.
  • Íocann an faighteoir HAP a ranníocaíocht cíosa chuig an údarás áitiúil. I dtosach, déanfar ranníocaíochtaí trí Scéim Bhuiséid Teaghlaigh An Post go ginearálta.
  • Ligeann HAP le faighteoirí fostaíocht lánaimseartha a thosnú, nuair atá an tacaíocht tithíochta á fáil acu. Tá an ranníocaíocht chíosa atá le híoc ag an bhfaighteoir HAP bunaithe ar an scéim cíosanna difreálacha de chuid an údaráis áitiúil. Ceanglaíonn an scéim seo an ranníocaíocht chíosa atá le híoc ag teaghlach le hioncaim an teaghlaigh agus le cumas an teaghlaigh í a íoc.

    Eolas do Thiarnaí Talún
    Gheobhaidh na tiarnaí talún íocaíochtaí go tráthúil ón údarás áitiúil go díreach ar bhonn míosúil, faoi réir an ranníocaíocht chíosa a bheidh á íoc ag an bhfaighteoir HAP leis an údarás áitiúil.

  • Ní bheidh aon ghá cíos a bhailiú ó thionóntaí gur faighteoirí HAP iad, rud a shábhálfaidh riarachán ar an tiarna talún.
  • Déanfar gach íocaíocht go leictreonach.

  • Íoslódáil ár Leabhrán Eolais don Tiarna Talún anseo.
  • Íoslódáil ár Leabhrán Eolais don Tionónta anseo.

  • Cóipcheart © Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge