Scéim Náisiúnta Morgáiste go Cíos

Is tionscnamh rialtais í an 'Scéim Morgáiste go Cíos' chun cabhrú le sealbhóirí tí atá i mbaol a dtithe a chailliúint.

Conas is féidir liom cáiliú don scéim?
Chun a bheith incháilithe don Scéim Morgáiste go Cíos:

  • Ní mór duit a bheith páirteach sa Phróiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste agus a aontú nach bhfuil sé in acmhainn duit do mhorgáiste a íoc san am i láthair nó sa todhchaí.
  • Caithfidh tú a bheith id’úinéir ar an réadmhaoin ina bhfuil cónaí ort, le margadhluach reatha níos lú ná €220,000 i gceantar Bhaile Átha Cliath nó níos lú na €180,000 sa chuid eile den tír.
  • Ní mór bail mhaith a bheith ar do réadmhaoin, í a bheith lonnaithe in áit oiriúnach agus in oiriúint do do chuid riachtanas.
  • Ní ceadmhach duit aon réadmhaoin eile a bheith i do sheilbh nó socmhainní níos mó ná €20,0000 a bheith agat.
  • Ní féidir le do ghlanioncam teaghlaigh a bheith níos mó ná €25,000*, €30,000 ná €35,000* in aghaidh na bliana, ag brath ar cén chuid den tír ina bhfuil cónaí ort (is ionann glanioncam teaghlaigh agus ioncam an teaghlaigh tar éis do cháin agus ÁSPC (Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa) a bheith bainte as. (*Liúntas breise i gcomhair leanaí).
  • Ní mor duit ceart fadtréimhseach a bheith agat chun fanacht in Éirinn.
  • Conas mar a oibríonn an scéim?

  • Ní mór duit a bheith faofa ag d’iasachtóir don Scéim Morgáiste go Cíos.
  • Ní mór duit a bheith faofa ag Comhairle na hÉireann Um Thithíocht Shóisialta de réir mar is cuí.
  • Géilleann tú seilbh do thí de do dheoin féin dod’iasachtóir a dhíolann láithreach é le cumann tithíochta a thugann ar ais duit é, ar cíos. Ní bheidh seilbh agat ar do réadmhaoin a thuilleadh ach beidh cead agat cónaí i do theachsa mar thionónta thithíocht shóisialta agus beidh comhaontú tionóntachta agat le d’údarás áitiúil.
  • Conas a chuirim isteach ar an scéim?

  • Más cuí, tabharfaidh d’iasachtóir deis duit cur isteach ar an scéim agus tabharfaidh sé foirm iarratais duit. Comhaontaíonn tusa seilbh do thí a ghéilleadh mar mhalartú ar chomhaontú tionóntachta leis an údarás áitiúil.
  • Comhlánann tú ansin an fhoirm Scéim Morgáiste go Cíos comh maith le foirm Iarratais Um Thacaíocht do Thithíocht Shóisialta agus tugann tú ar ais do d’údarás áitiúil í.

  • Ní mór duit comhairle neamhspleách dlí agus fiachais a fháil maidir le do chás. Íocfaidh d’iasachtóir suas le €500 ar an gcomhairle dlí sin. Cuirfidh an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) comhairle neamhspleách ar fhiachas ar fáil duit nó is féidir ainm Comhairleoir údaraithe Airgeadais a fháil www.keepingyourhome.ie Íocfaidh d’iasachtóir €250 go díreach leis an gcomhairleoir úd ach admháil ar an gcomhairle a bheith faighte agat uaidh.

    Cad iad na buntáistí a bhaineann leis an scéim?

  • Suaimhneas intinne duit féin agus do do theaghlach mar go bhfanann tú ag maireachtáil i do bhaile féin gan aon chur isteach de réir na dtéarmaí atá leagtha amach i do chomhaontú tionóntachta.
  • Íocann tú cíos ioncam-bhunaithe atá in acmhainn duit.
  • Rachaidh na fáltais ó dhíolachán do thí leis an gCumann Tithíochta i dtreo d'fhiach morgáiste agus tagann tú ar shocrú le d’iasachtóir don chuid eile don fhiachas, más ann dó.
  • Tá an fhéidearacht ann go bhfaighidh tú an rogha do theach a cheannach ar ais tar éis tréimhse chúig bliana má thagann feabhas ar chúinsí duit.
  • Tabharfaidh an Cumann Tithíochta aire do chothabháil do réadmhaoine mar atá leagtha amach i do chomhaontú tithíochta.

  • Copyright © Waterford City & County Council