Tá an scéim cóiríochta Cíosa (SCC) ann do dhaoine a bhfuil Forlíonadh Cíosa á fháil acu cheana agus a bhfuil riachtanas fadtréimhseach acu nach bhfuil ar a gcumas íoc as lena n-ioncam féin. Ní mór d'iarratasóirí Forlíonadh Cíosa a bheith á fháil acu ar feadh 18 mí ar a laghad chun go mbeidh siad incháilithe don SCC. Má tá tuilleadh eolais uait faoin Scéim Cóiríochta Cíosa, déan teagmháil leis an Aonad Cóiríochta Cíosa ar 0761 10 2097 nó ar 0761 10 2302.
Conas mar a oibríonn SCC?
Faoi SCC, déanfaidh d’údarás áitiúil iarracht conradh tionóntachta níos faide a shocrú duit leis an tiarna talún atá agat cheana féin agus íocfaidh an tÚdarás Áitiúil cíos leis an tiarna talún duit. Íocfaidh tusa cíos fós ach íocfaidh tú leis an údarás áitiúil é. Beidh an cíos a íocfaidh tú bunaithe ar d’ioncam agus déanfar measóireacht air de réir mar atá leagtha amach do Scéim Cíosanna Difreálacha de chuid Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.
Cad iad na buntáistí a bhaineann le SCC?
Tabharfaidh SCC gealltanas fadtréimhseach tithíochta duit. Cinnteoidh SCC go bhfuil an cháilíocht agus an caighdeán cuí ag do chóiríocht phríobháideach. Murab ionann agus an cás le Forlíonadh Cíosa tá cead agat glacadh le fostaíocht agus tú ar SCC. Má éiríonn leat post a fháil, tá cead agat fanacht ar an scéim ach déanfar athbhreithniú ar do chíos bunaithe ar d’ioncam nua.
An bhfuilimse incháilithe do SCC?
Beidh tú incháilithe don scéim má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat ar feadh íosmhéid de 18 mí agus go bhfuil meastóireacht déanta ag an údarás áitiúil duit mar dhuine a bhfuil riachtanas fadtréimhseach cíosa aige. Ní bhaineann SCC le lucht iarrtha tearmainn ná le neamhnáisiúnaigh nach bhfuil cead acu fanacht in Éirinn go buan.
An mbeidh orm aistriú go cóiriocht nua?
Má chomhlíonann an chóiríocht ina bhfuil cónaí ort na caighdeáin atá leagtha amach do thithe ar cíos agus má tá do thiarna talún sásta páirt a ghlacadh sa SCC, beidh cead agat fanacht sa chóiríocht ina bhfuil tú faoi láthair. Caithfidh an chóiríocht ina bhfuil tú faoi láthair do riachtanais tithíochta a chomhlíonadh, m.sh. líon na seomraí codlata. Muna gcomhlíonann do chóiríocht na caighdeáin sin agus/nó muna bhfuil do thiarna talún toilteanach a bheith páirteach sa scéim cuirfear comhairle ort cóiríocht eile a aimsiú. Muna gcomhlíonann do chóiríocht do riachtanais tithíochta cuirfear comhairle ort cóiríocht eile chuí a aimsiú. Tá tionóntachtaí atá á gcistíú ag an Scéim Cóiríochta Cíosa rialaithe ag an Acht Um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.
An gcuireann SCC isteach ar mo chearta faoin Acht Um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004?
Tá tionóntachtaí atá á gcistiú ag an Scéim Cóiríochta Cíosa rialaithe ag an Acht Um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004.
Cén áit inar féidir liom teacht ar a thuilleadh eolais?
Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an Scéim Cóiríochta Cíosa ar fáil ag an Aonad Cóiríocht Cíosa ar 0761 10 2097 or 0761 10 2302.