Tionscnamh Deisiúcháin agus Léasaithe

Is comhpháirt thábhachtach den Phlean Gníomhaíochta i gcomhair Tithíochta agus Daoine gan Dídean Atógáil na hÉireann í an scéim nua, Tionscnamh Deisiúcháin ar Thithe Folmha agus Leasúcháin, a bhfuil sé mar sprioc aici tithíocht shóisialta a sheachadadh agus a chinntíonn go mbaintear an oiread úsáide agus is féidir as an soláthar tithíochta atá ann cheana féin. Tá clár píolótach déanta agus an tionscnamh curtha chun cinn ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Is é bunús na scéime ná oibreacha deisiúcháin agus feabhsúcháin ar thithe folmha a chistiú chun iad a thógáil chuig an gcaighdeán atá riachtanach i gcomhair cóiríochta ar cíos agus ansin baintear costas na n-oibreacha amach as na híocaíochtaí léasúcháin thar thréimhse comhaontaithe léasa.

Cabhróidh Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge le húinéirí réadmhaoine chun réimse na n-oibreacha a fhorbairt agus chun cabhrú le húinéir na réadmhaoine an obair dheisiúcháin a chríochnú. Cuireann foireann Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge iniúchtaí réadmhaoine i bhfeidhm a shainaithníonn an obair atá riachtanach chun an réadmhaoin a thógail chun an caighdeán atá riachtanach. Déanfar meastóireacht ar réadmhaoin i ngach aon cheantar ach tá éileamh faoi leith i gCathair Phort Láirge, i nDún Garbhán agus ar an Trá Mhór. Déan teagmháil leis an Rannóg Soláthar Tithíochta de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge má tá sonraí breise uait nó líon isteach foirm fiosrúcháin atá ar fáil thíos agus cuir ar ais chugainn í.


Copyright © Waterford City & County Council