Scipeáil chuig ábhar

Oibreacha feabhsúcháin ag Páirc Dúlra Chill Bharra

Le linn na seachtainí amach romhainn, beidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag déanamh oibreacha bainistíochta agus cothabhála i bPáirc Dúlra Chill Bharra, Bóthar Thrá Mhór.

Is é cuspóir na n-oibreacha seo a chinntiú go gcomhlíonann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge na ceanglais chun Páirc Dúlra Chill Bharra a bhainistiú agus a chothabháil faoina ceadúnas cláraithe EPA.

Tabhair faoi deara, le do thoil, chun na hoibreacha feabhais seo a éascú agus chun sláinte agus sábháilteacht a chinntiú, go mbeidh cuid den chosán siúil imlíne dúnta go sealadach ón lá inniu (Dé Céadaoin, 30 Aibreán).thCuirfear bealaí atreoraithe ar bun chun úsáid na páirce ag an bpobal a éascú i gcás ina bhfanann cosáin oscailte, agus iarrtar ar an bpobal na bealaí atreoraithe go léir a leanúint le linn na n-oibreacha seo.

Gabhann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a tharla.

Féach ar na Nuacht