Skip to content

Iarratais i leith Féilte agus Imeachtaí de chuid Chomhairle Phort Láirge ar oscailt anois

Tá próiseas na n-iarratas maidir le Scéim Dheontais na bhFéilte agus na nImeachtaí de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ar oscailt anois chun iarratais a chur isteach.

Is éard is aidhm leis an scéim ná tacú le himeachtaí ar fud Phort Láirge a chabhraíonn le hoibriú chun áit níos beoga agus níos inbhuanaithe a dhéanamh de Phort Láirge.

Tá béim níos mó ar an inbhuanaitheacht in iarratas na bliana so agus tá an Chomhairle ag féachaint le comhoibriú le féilte agus le himeachtaí ó thaobh sprioc Phort Láirge a bhaint amach i dtaca lena bheith ar an gcéad limistéar in Éirinn a bheidh neodrach ó thaobh an charbóin de.

Dhein Comhairle Phort Láirge, i gcomhar le GIY ó thaobh Féile an Fhómhair a sheachadadh i mbliana, cur i láthair ar mhórán de na bearta inbhuanaitheachta ar féidir le lucht eagair na bhféilte agus na n-imeachtaí iad a ghlacadh chucu chun a n-imeacht a dhéanamh níos inbhuanaithe, lena n-áirítear cosc a chur ar gach plaisteach aonúsáide, an taisteal gníomhach go dtí imeachtaí a spreagadh, an athchúrsáil a chur chun cinn agus feidhm a bhaint as foinsí cumhachta a bhíonn níos inbhuanaithe.

Ní foláir iarratais a chur fénár mbráid ar líne ag www.waterfordfestivals.ie, áit a bhféadfaidh iarratasóirí teacht ar acmhainní freisin a chabhróidh leo a n-imeacht a sheachadadh.  Is ar mheáin shóisialta Chomhairle Phort Láirge a fhógrófar oiliúint ar líne do lucht eagair na n-imeachtaí.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná an 28th Mí na Samhna 2022.

Subscribe
Notify of
0 Comments
Oldest
Newest Most Voted
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x