Skip to content

Meabhrúchán : Deireadh le páirceáil saor in aisce d’Fheithiclí Leictreacha

Fógra maidir le deireadh a chur le páirceáil in aisce d’Fheithiclí Leictreacha

Le blianta beaga anuas, tá páirceáil in aisce ceadaithe ag an gComhairle d’fheithiclí leictreacha sna limistéir pháirceála íoc agus taispeáin phoiblí i bPort Láirge.

Mar sin féin, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ár dtáillí páirceála agus mar gheall ar an méadú suntasach ar líon na FLanna ar na bóithre, ní féidir leis an gComhairle leanúint leis an dreasacht seo a chothú.

Dá réir sin cuirfear deireadh le páirceáil saor in aisce don phobal do FLanna laistigh de charrchlóis agus de shráideanna íoc agus taispeáin na Comhairle ó 1 Feabhra 2023.

Leanfaidh an Chomhairle le páirceáil in aisce a oibriú d’fheithiclí FL agus FL Hibrideacha  agus iad ag luchtú ag pointí luchtaithe FL poiblí ainmnithe ar fud Chathair agus Chontae Phort Láirge.

Beidh infheistíocht shuntasach á éascú ag an gComhairle freisin, rud a fhágfaidh go mbeidh 12 phointe luchtaithe tapa nua á seachadadh ar fud na cathrach agus an chontae le linn 2023.

Má tá aon cheist eile agat maidir leis an ábhar seo, déan teagmháil lenár Roinn Seirbhísí do Chustaiméirí ar an uimhir thíos, le do thoil.

An Roinn Bainistíochta Tráchta

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x